Bás ar bith le fógairt ach imní gur scéal na Samhna a bheidh arís againn ó thaobh cásanna

Tá imní ar NPHET go mbeidh maidhm eile den ghalar ann mura dtosaíonn líon na gcásanna ag laghdú arís

Bás ar bith le fógairt ach imní gur scéal na Samhna a bheidh arís againn ó thaobh cásanna

Leas-Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, Dr Ronan Glynn

Ní raibh bás ar bith de dheasca an choróinvíris le fógairt ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

575 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 360 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 85 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 25 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Tá imní, áfach, ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoi líon na gcásanna laethúla den ghalar.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go raibh an patrún céanna le feiceáil i líon na gcásanna anois agus a bhí sa tír faoi Shamhain anuraidh, tráth ar ardaigh na cásanna nuair a thosaigh daoine ag meascadh le chéile arís. 

“Ní hé seo an tráth le bheith ag bualadh le daoine go sóisialta, tá sé róchontúirteach. Caithfimid gach ar féidir linn a dhéanamh leis an víreas seo a chur faoi chois agus lena chinntiú go mbeidh deis ag an méid is mó daoine leas a bhaint as na vacsaíní sna míonna seo romhainn,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte gur cinnte go mbeidh an-tionchar dearfach ag na vacsaíní ar Covid-19 ar ball, ach nach “stopfaidh siad maidhm eile den ghalar” sna seachtainí beaga seo. 

“Sin atá ag tarlú ar fud na hEorpa faoi láthair agus tá an-bhrú ar ospidéil agus ar sheirbhísí cúram criticiúil in go leor tíortha. Níor cheart dúinn ligean dó sin tarlú sa tír seo.” 

Dé hAoine seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 443,092 duine agus an dara dáileog faighte ag 163,812 duine.

Bhain 48 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 30 cás a bhí i nGaillimh agus 22 cás a bhí i gCorcaigh. 20 cás a bhí i nDún na nGall agus ocht gcás a bhí i bPort Láirge. 

Níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo agus níos lú ná cúig cinn a bhí i gCiarraí.

Meánráta 148 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Is é contae na Mí an t-aon chontae Gaeltachta ina bhfuil an ráta (213) níos airde ná an meánráta náisiúnta i láthair na huaire. 

Ráta 141 atá i nDún na nGall, 116 atá i nGaillimh agus agus 107 atá i Maigh Eo. Ráta 103 atá i bPort Láirge, 52 atá i gCorcaigh agus 51 atá i gCiarraí, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. Deimhníodh 121 cás nua den ghalar. 182 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 22 díobhsan in aonaid dianchúraim.

D’fhógair an tAire Sláinte ó thuaidh, Robin Swann, go raibh an vacsaín anois ar fáil do gach duine os cionn 50 bliain d’aois i dTuaisceart Éireann.

Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog faighte ag 629,461 duine ó thuaidh agus na dara ceann faighte ag 54,636.

6,633 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,099 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,534 duine ó dheas di.

342,333 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 227,316 cás ó dheas den teorainn agus 115,017 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Bás ar bith le fógairt ach imní gur scéal na Samhna a bheidh arís againn ó thaobh cásanna'