Bás ar bith fógartha in Éirinn inniu, 381 cás nua deimhnithe ó dheas

124 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 31 díobhsan in aonad dianchúraim

Bás ar bith fógartha in Éirinn inniu, 381 cás nua deimhnithe ó dheas

Ní raibh aon bhás eile de dheasca an choróinvíris le fógairt in Éirinn inniu, thuaidh ná theas.

381 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

124 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 31 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,327,821 duine agus an dara dáileog faighte ag 499,789 duine.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 976,582 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 493,553.

65 cás nua a dheimhnigh Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna.

57 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seisear acusan in aonad dianchúraim.

Bhain 39 de na cásanna nua a fógraíodh inniu le Dún na nGall, 13 cás a bhí i gCorcaigh, 11 cás a bhí i nGaillimh agus sé chás a bhí i bPort Láirge.

Bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i Maigh Eo agus i gcontae na Mí.

Meánráta 129 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Ráta scaipthe 261 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa stát go fóill. Ráta 143 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 86 a bhí i gCorcaigh, 75.2 a bhí i nGaillimh agus 74.9 a bhí i bPort Láirge. Ráta 36 a bhí i Maigh Eo agus 14 a bhí i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

7,068 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,147 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,921 duine ó dheas di.

374,211 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 253,189 cás ó dheas den teorainn agus 121,022 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Bás ar bith fógartha in Éirinn inniu, 381 cás nua deimhnithe ó dheas'