Bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt,18 cás nua deimhnithe

2,295 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,741 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di

Bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt,18 cás nua deimhnithe

Ní raibh bás ar bith le fógairt inniu ag an Roinn Sláinte.

18 cás nua den ghalar a fógraíodh, an líon is mó cásanna le nach mór seachtain.

2,295 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,741 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.

31,274 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,527 cás ó dheas den teorainn agus 5,747 cás ó thuaidh di.

11 duine a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas de réir na bhfigiúirí is déanaí agus 22 duine a bhí sna hospidéil san iomlán. Duine amháin a bhí buailte ag an ngalar a cuireadh sna haonaid dianchúraim le lá anuas agus triúr le Covid-19 a cuireadh sna hospidéil.

8,254 tástáil a rinneadh don ghalar le lá anuas agus 35,252 tástáil a rinneadh le seachtain.

Fág freagra ar 'Bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt,18 cás nua deimhnithe'