Bás ar bith eile de dheasca an choróinvíris le fógairt, 437 cás nua deimhnithe

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go raibh ‘dul chun cinn leanúnach’ á dhéanamh chun an víreas a chur faoi chois

Bás ar bith eile de dheasca an choróinvíris le fógairt, 437 cás nua deimhnithe

An tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní raibh aon bhás nua de dheasca an Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Deimhníodh 437 cás nua den ghalar.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go raibh “dul chun cinn leanúnach” á dhéanamh maidir leis an víreas a chur faoi chois.

418 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 103 acusan in ICU. Cuireadh 20 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 363,601 duine agus an dara dáileog faighte ag 149,721 duine.

Bhain 26 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 20 cás a bhí i nGaillimh agus 17 cás a bhí i gcontae na Mí. Deich gcás nua a bhí i Maigh Eo, sé chás a bhí i gCiarraí agus cúig chás a bhí i bPort Láirge. Níos lú ná cúig chás nua a bhí i gCorcaigh.

Meánráta 167 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Is é contae na Mí an t-aon chontae Gaeltachta ina bhfuil an ráta ann níos airde na an meánráta náisiúnta i láthair na huaire. Ráta 218 atá sa Mhí.

Ráta 158 atá i nDún na nGall, 154 atá i Maigh Eo agus 153 atá i nGaillimh.

Ráta 105 atá i bPort Láirge, 66 atá i gCiarraí agus 54 atá i gCorcaigh, an dara ráta is ísle sa tír. Is i gCill Chainnigh (52) atá an ráta is ísle faoi láthair.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go léiríonn an taighde a dhéanann Amárach don Roinn go bhfuil an chuid is mó den phobal ag cloí leis na bearta sláinte phoiblí. Tá 93% ag ní na lámh go rialta; 95% ag úsáid díghalrán lámh agus 93% ag fanacht amach óna chéile agus iad i scuainí.

“Cé go bhfuil imní ar go leor daoine (36%) agus an leadrán ag cur as do dhaoine eile (38%), is maith an rud go bhfuil níos mó dóchais ag daoine anois agus mheas 48% de na daoine go raibh an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn.”

An Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Dúirt an Dr Glynn go raibh “bunús” leis an dóchas sin agus feabhas le feiceáil ar scaipeadh an ghalair agus “borradh” le teacht faoin gclár vacsaínithe sna seachtainí beaga seo. Ach tá sé “an-tábhachtach” nach n-éiríonn daoine “réchúiseach” mar gheall ar na comharthaí dóchais sin, a dúirt sé,

“In olcas atá cúrsaí ag gabháil ar fud na hEorpa agus tá a lán cásanna againn go fóill sa tír seo. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun an víreas seo a chur faoi chois agus a chinntiú go n-éireoidh leis an líon is mó daoine tairbhe a bhaint as an gclár vacsaínithe sna cúpla mí seo romhainn.

“Bígí san airdeall agus ná ligigí na maidí le sruth.”

Mhol an Dr. Cliona Murphy, Cathaoirleach Institiúid Obstatraithe agus Gínéiceolaithe do chuile dhuine in aois atáirgthe an vacsaín in aghaidh an Covid-19 a fháil ach a mbeidh sí ar fáil dóibh.

“Tuigimid go bhfuil eolas míchruinn á scaipeadh faoin gcontúirt a bhaineann leis an vacsaín seo don torthúlacht. Níl aon fhianaise ann go mbeidh aon tionchar ag vacsaín Covid-19 ar chumas mná páiste a ghiniúint ná a iompar,” a dúirt sí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 144 cás nua den ghalar. 220 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 35 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 588,803 duine ó thuaidh agus na dara ceann faighte ag 42,851.

6,499 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,077 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,422 duine ó dheas di.

337,440 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 223,651 cás ó dheas den teorainn agus 113,789 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Bás ar bith eile de dheasca an choróinvíris le fógairt, 437 cás nua deimhnithe'