Bás ar bith de dheasca an choróinvíris sa Tuaisceart don dara lá as a chéile

Dúirt an tAire Sláinte in Stormont Robin Swann inniu go mbeadh cead taistil trasteorann ag brath ar líon na ndaoine ar an dá thaobh den teorainn a mbeadh an tsnáthaid faighte acu 

Bás ar bith de dheasca an choróinvíris sa Tuaisceart don dara lá as a chéile

An tAire Sláinte Robin Swann

Ní raibh bás ar bith de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. 

Seo an dara lá as a chéile nach raibh aon bhás le fógairt ó thuaidh den teorainn agus an chéad uair le sé mhí ar tharla a leithéid. 

Dúirt an tAire Sláinte in Stormont Robin Swann inniu go mbeadh cead taistil trasteorann ag brath ar líon na ndaoine ó thuaidh agus ó dheas den teorainn a mbeadh an tsnáthaid faighte acu.

Chuir Swann saoire thar lear as an áireamh, cé go ndúirt sé nach ngearrfaí aon fhíneáil ar dhaoine a théann thar sáile an samhradh seo.

183 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,890 duine ar cuireadh tástáil orthu. 153 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 14 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 703,334 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 104,907.

6,735 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,107 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,628 duine ó dheas di.

348,679 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 232,164 cás ó dheas den teorainn agus 116,515 cás ó thuaidh di.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid, inniu go raibh ardú 9% ar líon na gcásanna den ghalar a deimhníodh an tseachtain seo i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.

Laghdú 10% a tháinig ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus laghdú 9% a bhí i gceist  ar líon na n-othar sna haonaid dianchúraim.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, tráthnóna gur 159 anois ráta coicíse an ghalair.

Dúirt sé go raibh an ráta coicíse ag méadú i 23 as 31 tír san Eoraip agus gurb í an Eoraip croílár na paindéime go fóill ar bhealaí go leor. 

Maidir le líon na ndaoine a fuair Covid-19 san ospidéal, dúirt an Dr Henry gur 500 duine in aghaidh na seachtaine a bhí i gceist tráth amháin mí Eanáir ach gur 46 a bhí ann an tseachtain seo.

Léiriú é sin ar a shábháilte is atá na hospidéil le hais mar a bhí agus dea-thionchar na vacsaíne, arsa an Dr Henry.

1,000 cás bhí ann i measc oibrithe sláinte an tseachtain dar críoch an 17 Eanáir agus 26 a bhí i gceist an tseachtain dar críoch an 17 Márta.

Fág freagra ar 'Bás ar bith de dheasca an choróinvíris sa Tuaisceart don dara lá as a chéile'