Bás amháin eile fógartha, 434 cás nua den choróinvíreas deimhnithe

166 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 48 díobhsan in aonad dianchúraim

Bás amháin eile fógartha, 434 cás nua den choróinvíreas deimhnithe

Duine amháin eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 434 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

166 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 48 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dé Máirt seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 904,774 duine agus an dara dáileog faighte ag 371,054 duine.

Bhain 30 den 434 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Corcaigh.

21 cás a bhain le Dún na nGall, deich gcás a bhain le Gaillimh agus sé chás a bhí i bPort Láirge. Níos lú ná cúig chás a deimhníodh i gcontae na Mí, níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí freisin.

Meánráta 117 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 251 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 149, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 87 atá i Maigh Eo, 78 atá i nGaillimh agus 68 atá i bPort Láirge. Ráta 39 atá i gCiarraí agus 38 atá i gCorcaigh, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an víris. 88 cás nua a deimhníodh ansin.

64 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 892,787 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 328,366.

7,006 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,141 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,867 duine ó dheas di.

365,302 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 245,743 cás ó dheas den teorainn agus 119,559 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Bás amháin eile fógartha, 434 cás nua den choróinvíreas deimhnithe'