Tá bás 59 duine eile a raibh Covid-19 fógartha ó dheas.
Fágann sin gur fógraíodh inniu in Éirinn bás 79 duine eile a bhásaigh de thoradh na paindéime.
Tuairiscíodh níos luaithe gur 20 duine eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.
1,488 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,159 duine ó dheas den teorainn agus 329 duine ó thuaidh di.
Beirt de na daoine ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.
D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 229 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 23,285 cás den ghalar deimhnithe in Éirinn, 19,877 cás ó dheas agus 3,408 cás ó thuaidh.
Meastar go bhfuil líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 329 ó tharla gur daoine a fhaigheann bás sna hospidéil amháin a chuirtear san áireamh den chuid is mó sna figiúirí laethúla.
153,054 tástáil don ghalar atá déanta ó dheas ó thús na ráige.
Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan tráthnóna dá mba inniu a bhí cinneadh le déanamh maidir leis na srianta dianghlasála go mbeifí ag moladh gan na srianta a scaoileadh.
Dúirt an Dr Holohan tráthnóna go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar siúl.
Dúirt sé arís go raibh na figiúirí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar sa phobal agus na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu a bhfuiltear ag déileáil leo sa chóras sláinte fós níos airde ná mar a bhí i gcuid de na tíortha atá tosaithe ar na beartais dianghlasála a scaoileadh.
Luaigh sé go háirithe cás na dtithe altranais agus na n-ionad cúraim eile.
Baineann 680 de líon iomlán na mbásanna ó dheas, nó 59% le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.
Meastar gur beag maolú a dhéanfar ar na srianta an tseachtain seo chugainn d’ainneoin go bhfuiltear ag súil go mbeidh feabhas an tseachtain seo ar an ráta ionfhabhtaithe, agus laghdú ar an líon daoine a chuirfidh an galar in ospidéal nó den saol.
Meastar go síneofar orduithe nua an deireadh seachtaine seo chugainn a cheadóidh leanúint le formhór mór na srianta dianghlasála.
Tuairiscítear go raibh an dá léamh ag airí ag cruinniú rialtais an lae inniu maidir le ceist scaoileadh na srianta dianglasála.
Maitiú Ó Murchú
An gciallaíonn ó dheas an Phoblacht? Má chiallaíonn sé – scríobh sin, le bhur dtoil in áit an mhíchruinnis.