Barry McElduff éirithe as mar fheisire parlaiminte mar gheall ar a tvuít faoi Kingsmill

Dúirt feisire parlaiminte do Thír Eoghain Thiar go raibh sé ag éirí as mar gheall ar an bhfíseán conspóideach a scaip sé ar líne cothrom an lae chéanna 42 bliain ó shin ó tharla sléacht Kingsmill

Barry McElduff éirithe as mar fheisire parlaiminte mar gheall ar a tvuít faoi Kingsmill

Tá Barry McElduff éirithe as mar fheisire parlaiminte do Thír Eoghain Thiar mar gheall ar an bhfíseán conspóideach a scaip sé ar líne cothrom an lae chéanna 42 bliain ó shin ó tharla sléacht Kingsmill inar maraíodh deichniúr.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh tréimhse fionraíochta trí mhí á gearradh ag Sinn Féin ar McElduff, ach d’fhógair sé inniu go raibh sé ag éirí as mar fheisire parlaiminte agus gurbh í “an phian mhór gan ghá” a d’fhulaing gaolta na n-íospartach “an chúis aiféala” ba mhó a bhí aige i dtaobh na heachtra.

Ar an 5 Eanáir scaip Barry McElduff an físeán de féin agus builín aráin de dhéantús Kingsmill leagtha ar a cheann aige, cothrom an lae chéanna 42 bliain ó shin ó tharla an sléacht in Ard Mhacha inar maraíodh deichniúr oibrithe as monarcha teicstíle agus iad ar a slí abhaile ón obair.

Dúirt gaolta na ndaoine a maraíodh go raibh an físeán “maslach” agus “míthrócaireach” agus dúirt cathaoirleach Shinn Féin Declan Kearney go raibh sé “do-mhaite agus dochosanta”.

Ghabh McElduff leathscéal as an bhfíseán a scaipeadh agus bhain sé anuas é.

Fág freagra ar 'Barry McElduff éirithe as mar fheisire parlaiminte mar gheall ar a tvuít faoi Kingsmill'

  • Bart

    Rinneadh an rud ceart thiar i ndeireadh; gníomh míthrócaireach, fealltach, cruálach ‘domhaite’ a bhí ann. Fán fada ar sheicteachas den sórt sin.