Is aoibhinn liom mo dheartháir óg Brasaíleach ach tá locht amháin air: níl sé in ann scéal a insint go gonta.
Tagann támhnéal orm go háirithe nuair a luíonn sé isteach ar eachtra éigin a ríomh a bhaineann le suíomh nach mbeadh cur amach agamsa air.
Más teach duine eile atá i gceist, mar shampla, ní bhíonn ar a chumas an scéal féin a reic go dtí go mbeidh cur síos déanta aige ar leagan amach an tí ar fad: cá mhéad seomra a bhí ann, cén dath a bhí ar thíleanna an urláir, cá háit a raibh an t-inneall níocháin, cá mhéad scriúnna a úsáideadh chun an teilifíseán a chrochadh den bhalla.
Aréir, agus eachtra á ríomh aige a tharla dó agus é ag rothaíocht abhaile tar éis na hoibre, rinne sé cur síos chomh mionsonraithe sin ar leagan amach an stráice den bhóthar ar ar tharla an eachtra gur tháinig fonn orm dochar a dhéanamh dó faoin am gur tháinig sé chomh fada le croí an scéil: gur bheag nár bhuail carr (ní hea, ‘sean-Fiat Idea ar dhath an airgid’) faoi.
Is maith a thuigeann mo dheartháir óg Brasaíleach go gcuireann sé isteach orm go dtógann sé chomh fada sin air scéal a insint, ach mar a deir sé féin: ‘Is maith liom an mionchur síos is mine agus is féidir a dhéanamh ar chúrsaí ar eagla nach dtuigfidh tú.’
Ach le tamall anuas agus mé i mbun eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil mo chuid scríbhneoireachta féin saor ón locht céanna ach oiread. Ní suíomhanna a bhíonn i gceist ach, aisteach go leor, gluaiseachtaí.
Agus an t-úrscéal sin á scríobh agam, is cosúil gur theastaigh uaim an mionchur síos is mine agus ab fhéidir a dhéanamh ar chuile ghluaiseacht ann. Ní bhíonn ar chumas mo chuid carachtar a mbéal a ghlanadh; bíonn orthu droim a gcuid lámh a chuimilt dá mbéal. In ionad bolgam a ól, ardaíonn siad a ngloiní lena mbéal agus baineann siad súmóga astu.
Nó níos measa fós: briseadh síos gan ghá ar ghluaiseacht shimplí: ‘D’éirigh X dá chathaoir, shiúil trasna an tseomra agus d’oscail an doras.’ Chomh fada is a bhíonn sé soiléir don léitheoir go raibh X ina shuí ar chathaoir ag tús na gluaiseachta sin, dhéanfadh ‘D’oscail X an doras’ cúis. Beidh ar chumas an léitheora an turas trasna an tseomra a shamhlú é féin!
Fearacht mo dhearthár óig Bhrasaíligh agus é ag insint a chuid scéalta domsa, gach seans gur theastaigh uaim a chinntiú gur ina steillbheatha a d’fheicfeadh an léitheoir an scéal a bhí á insint agamsa. Ach a mhalairt a tharlaíonn: mothaím go mbíonn mo dheartháir óg Brasaíleach ag labhairt liom amhail is dá mba leanbh mé nuair a dhéanann sé ‘an mionchur síos is mine agus is féidir’ ar eachtra éigin agus caillim spéis sa scéal. Nach luífeadh sé le réasún go mothódh mo chuid léitheoirí mar a chéile agus mé ag míniú dóibh cén chaoi go díreach ar ghlan carachtar éigin a bhéal?
Cuireann barraíocht sonraí moill ar an insint (agus ní hé sin a bheadh uait, go háirithe nuair is gníomh nó gluaiseacht sciobtha a bhíonn faoi chaibidil). Gan dabht, d’fhéadfaí cás a shamhlú nuair ab fhiú úsáid a bhaint as cur síos ar nós ‘Chuimil X droim a láimhe dá bhéal’: dá mbeadh bosca naipcíní díreach os comhair X, mar shampla, thabharfadh a leithéid léargas deas ar an tógáil a fuair X óna mhuintir. Ach i ngach cás eile, dhéanfadh ‘Ghlan X a bhéal’ cúis.
Fág freagra ar 'Barraíocht sonraí – an chaoi is fearr chun do chuid léitheoirí a chur a chodladh'