Barra a’ bualadh, Méabh a’ milleadh, Pól a’ plancadh ’s Seán a’ séideadh – ainmneacha Gaeilge ar liosta na stoirmeacha

I gcomhar le chéile a roghnaíonn Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre ainmneacha na stoirmeacha

Barra a’ bualadh, Méabh a’ milleadh, Pól a’ plancadh ’s Seán a’ séideadh – ainmneacha Gaeilge ar liosta na stoirmeacha

D’fhéadfadh go mbeidh Barra ag bualadh, Méabh ag milleadh, Pól ag plancadh agus Seán ag séideadh agus ceithre ainm Gaeilge roghnaithe ar liosta ainmneacha  na stoirmeacha don tréimhse bliana amach romhainn.

Tá Barra, Méabh, Pól agus Seán i measc 21 ainm atá roghnaithe ar an liosta. I gcomhar le chéile a roghnaíonn Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre ainmneacha na stoirmeacha.

Mar sin, ag brath ar líon na stoirmeacha atá romhainn amach i mbliana, d’fhéadfadh go mbeidh lucht aimsire na hÉireann agus na Breataine ag trácht an geimhreadh seo ar Stoirm Barra, Stoirm Méabh, Stoirm Pól nó Stoirm Seán.

Má bhíonn de mhí-ádh orainn go dtiocfaidh Seán an bealach seo tá an-drochaimsir i ndán dúinn mar is in ord aibítre a thiocfaidh na stoirmeacha. Ar an dtaobh eile den scéal, an-seans go mbeidh Barra chugainn agus é sa dara háit ar an liosta.

Bunaítear an liosta ar ainmneacha a mholann an pobal agus déantar iarracht ainmneacha a roghnú ar furasta do dhaoine ó thíortha eile iad a rá go cruinn.

D’fhéadfadh go mbeadh Diarmuid ar an liosta nua chomh maith ach fuair Dudley an ceann is fearr air féin agus ar Dafydd agus Duncan sa vóta poiblí.

Is in 2015 a thosaigh Met Éireann agus Oifig Met na Breataine ag obair i dteannta a chéile ar liosta na n-ainmneacha a chur le chéile agus tháinig Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre isteach leo in 2019.

De réir mar a thagann stoirmeacha chun cinn, ainmnítear iad de réir na n-ainmneacha ar liosta na n-oifigí meitéareolaíochta ag tosú le hainm a thosaíonn le ‘A’.

Ní bhaintear úsáid as aon ainm a thosaíonn le Q, U, X, Y nó Z.

Má bhíonn stoirm a bhuaileann talamh in Éirinn ainmnithe ag tír éigin eile roimhe sin cloítear leis an ainm sin.

Tugtar ainm ar aon stoirm a mheastar a d’fhéadfadh a rian a fhágáil ar tír, nó ar ghaotha móra a n-eisítear foláireamh stádas ‘oráiste’ nó ‘dearg’ ina dtaobh.

Fág freagra ar 'Barra a’ bualadh, Méabh a’ milleadh, Pól a’ plancadh ’s Seán a’ séideadh – ainmneacha Gaeilge ar liosta na stoirmeacha'

  • Pól Ó Braoin

    Agus Oifig Met na Breataine ag plé leis déan dearmad ar Barra Méabh Pól Seán nó ainm gaelach ar bith eile.