Barr Smaise…le Beirní Ní Chuinn

Is í Beirní Ní Chuinn, Clár Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Pic Beirní (2)Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…símplí, compordach, aclaí.

Na pearsanra aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Paul Galvin agus Amy Huberman.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Seaicéad suede a cheannaíos i River Island blianta fada ó shin nuair a bhí a leithéid tarraingteach! Cloisim go bhfuil suede le feiscint ar na sráideanna aríst! Cabhair Dé chughainn!

Penneys, Brown Thomas nó….

La Bohéme sa Daingean.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

péire Louboutins! Cloisim nach bhfuil aon compord ag baint leo ach nár dheas é a bheith ag féachaint orthu!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Vaseline dos na liopaí, uachtar gréine don aghaidh (is breá liom a bheith amuigh faoin aer!) agus mascára.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

gúna agus sála arda nó jeans agus barr deas ag brath ar cá mbeinn ag bualadh leis!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

bróga aclaíochta…muna raibh sé sa cheann aige dul go barr Chnoc Bréanainn im’ theannta!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

ní leanaím faic ach cuireann Elaine Sheey i La Bohéme sa Daingean comhairle iontach orm nuair a bhíonn ócáid mhór agam nó go deimhin pé uair a bhím ag baile i gCorca Dhuibhne. Tá mo dheirfiúr Deirdre nótálta chomh maith.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Aon ní a chaitheas agus mé im’ dhéagóir; péire jeans fáiscithe le slabhraí ag sileadh leo a ghoidinn om’ dheirfiúr go háirithe! A Mhuire…!