Barr Smaise… le Sinéad Ní Fhlatharta

Sinéad Ní Fhlatharta, an t-aisteoir as Corp + Anam atá ar an ngearrliosta do cheann de Ghradaim Chumarsáid an Oireachtais, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Sinéad Ní Fhlatharta 

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…
…compordach, banúil, ornáideach.
Na pearsana aitheanta a cheapaim go bhfuil stílfhaiseanta ag baint leo?
Reese Witherspoon agus Jennifer Aniston.
An rud is sine i mo chófra/vardrús?
Tá an gúna a chaith mé don Bhál tar éis bronnadh na céime fós agam. Is fadó an lá é sin! Gúna glas veilbhit agus sróil atá ann a théann síos go talamh. Tá cúpla bainis feicithe aige ó shin.
Penneys, Brown Thomas nó…
…déanaim turas rialta go hÁth Luain chuig Zara, H&M agus Clarks. Tá tóir agam orthu ós rud é nach bhfuil fáil orthu i nGaillimh seans. Tá sé deacair tiomáint thar Tigh Standún ar an Spidéal; is iomaí pingin fágtha agam ann. Tá meascán deas stíl sa siopa agus foireann oibre cabhrach, cairdiúil.
Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…
…teach nua , le seomra feistis agus ansin seans go gcaithfear é a líonadh.
Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?
Buidéal cumhráin Clinque Happy Heart – ní chaithim smideadh go laethúil ach caithim é seo; uachtar aghaidh, tá mé an-tógtha leis an branda Origins i láthair na huaire; agus balsam béil – tá siad i ngach áit agam, sa charr, i mo mhála, ar mo bhord…Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…
… gúna deas (ón mbranda Closet seans mar tá mo vardrús lán leo) agus bróga sála arda (Clarks seans, tá siad chomh compordach).
Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéadaithne a bheadh ag caitheamh…
… hmmm! Bróga dubha le stocaí bána.
An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…
… leanaim AnnaMua agus Beaut.ie. Is maith liom na míreanna faisin a bhíonn ar chláir teilifíse laethúil ar nós Today Show, Ireland A.M. agus Xposé ach is annamh a fhaighim seans breathnú orthu.
An botún faisin is mó a rinne mé riamh?
Sin ceist dóibh siúd i mo thimpeall……

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Sinéad Ní Fhlatharta'