Barr Smaise… le Seán Ó Baoill

Is é Seán Ó Baoill, an t-aisteoir a bhíonn i bpáirt Adam i Ros na Rún a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo; tá sé ar an ngearrliosta do cheann de Ghradaim Chumarsáid an Oireachtais, sa rannóg ‘aisteoir na bliana’, a fhógrófar ar 22 Bealtaine

Pic Seán Ó Baoill cropped

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

… compordach, neamhfhoirmeálta ach faiseanta… más féidir!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Is maith liom stíl David agus Victoria Beckham…seachas nuair a chaith said an chulaith leathair céanna nó nuair a chaith David an sarong fadó! Bíonn siad i gcónaí gléasta galánta, is cuma cá mbíonn siad.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Geansaí Ralph Lauren a cheannaigh mo mháthair mar bhronntanas dom nuair a bhí mé seacht mbliana deag d’aois. Bhí mé i gcónaí millte ag mo mháthair!

Penneys, Brown Thomas nó… 

… is maith liom River Island, Topman agus Zara.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… culaith éadaigh ‘Hugo Boss’ agus uaireadóir ‘Cartier’.

An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Cinnte! Is sciamheolaí í mo dheirfiúr agus bíonn sí i gcónaí ag tabhairt amach dom go bhfuil sé tábhachtach aire a thabhairt do mo chraiceann, go háirithe dúinne a bhíonn os comhair an cheamara; bíonn go leor smideadh á chaitheamh againn ar seit agus deir sí i gcónaí nach gá móran airgid a chaitheamh ar mhaothóir.

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… an cóta deas sin a bhíonn á chaiteamh ag Adam i Rós na Rún AN T-AM AR FAD… lol, ag magadh atá mé. Ar choinne chéad aithne bheinn neamhfhoirmeálta go leor – péire jeans agus léine.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… is cuma liom i ndairíre…. bheadh níos mo suime agam i bpearsantacht an duine seachas san éadach a bheadh á chaitheamh ag an duine sin.

An lóis iarbhearrtha (aftershave lotion) is ansa liom…

… tá go leor cinn éagsúla agam. Bíonn siad ag tabhairt amach dom agus mé ag obair i mBéal Feirste mar bím i gcónaí ag spraeáil lóis iarbhearrtha san oifig. Faoi láthair tá mé ag caitheamh Paco Rabanne 1 million.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Ní raibh a dhath maith go leor domsa ach péire ‘Rock Boots’ a fháil do mo chóineartú. Bhí mé ramhar go leor ag an aois sin. Bhí mo gheansaí scoile, a bhí gealghorm, teannta go leor trasna mo bhoilg agus ní raibh mo bhríste a dhath níos fearr. Ní raibh mé ard ach an oiread, agus ansin bhí na buataisí móra dubha seo orm clúdaithe le miotal agus iad trom! Tá náire orm anois agus mé ag smaoineamh ar an lá sin… ha!

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Seán Ó Baoill'