Barr Smaise… le Orla O’Donnell

Is í Orla O’Donnell, comhfhreagraí dlí RTÉ, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Orla O’Donnell
Orla O’Donnell, RTÉ

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl féin…

… trína chéile nó foirmeálta – ag brath ar an lá den tseachtain.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Idris Elba agus Cate Blanchett.

An rud is sine i mo chófra/vardrús…

… cóta beag galánta, a chaith mé nuair a bhí mé dhá bhliain d’aois, ceann a cheannaigh mo thuismitheoirí sa Spáinn. Tá griangrafanna iontacha againn de mo mháthair sna caogaidí ach chaith sí amach a cuid gúnaí ar fad.

Penneys, Brown Thomas nó…

… House of Fraser i nDún Droma.

Dá mbeadh mo sparán lán cheannóinn…

… chuile ghúna i siopa Helen McAlinden – tá mé díreach tar éis teacht ar a cuid gúnaí agus is breá liom iad.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa…

… béaldath, scuab gruaige agus uachtar láimhe.

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…meangadh gáire

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…tobac

An iris, suíomh no blag faisin is ansa liom…

… is maith liom an cur síos a dhéanann gofugyourself.com ar na hocáidí móra.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh…
… an geansaí bán agus bándearg a chaith mé an t-am ar fad nuair a bhí mé thart ar 11/12 agus an bearradh gruaige dochreidte – an mullet – a chuaigh in éineacht leis! Tá na mílte botún eile déanta agam ó shin i leith.

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Orla O’Donnell'