Barr Smaise… le Michelle Beamish

I mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo tá Michelle Beamish, an t-aisteoir ón gclár An Bronntanas, atá ar an ngearrliosta don Ghradam Oireachtais d’aisteoir na bliana a fhógrófar ar an Aoine.

Pic Michelle Beamish- An Bronntanas

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

… compordach, ildaite, simplí.

Na pearsna aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Fearne Cotton, tá éadaí gleoite aici siúd i gcónaí agus Idris Elba.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Tá péire buataisí geimhridh agam atá fíor-chompordach agus galánta ag an am céanna. Is breá liom iad agus ní féidir liom iad a chaitheamh amach.  Ceapaim go bhfuil said agam ó 2005!

Penneys, Brown Thomas nó…

… oh, Penneys, gan dabht!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… péire bróga de chuid Jimmy Choo, b’fhéidir.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

GHD, mascára agus maothóir.

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… gúna deas, is dócha.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… ní chuireann sé isteach orm ró-mhór cad a chaitheann fir, nó daoine go ginearálta. Chomh fada is a bheadh an fear compordach agus muiníneach ba chuma sa tsioc liom cad a bheadh a chaitheamh aige.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Táim i Los Angeles faoi láthair agus is breá liom an faisean anseo. Tá sé i bhfad Éireann níos éasca a bheith faiseanta nuair atá an aimsir deas bog agus ní bhíonn ort dhá geansaí agus cóta mór a chaitheamh gach lá!

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

… sna nóchaidí, nuair a bhí mé ar scoil, bhí culaith spóirt áirithe á chaitheamh ag gach éinne.  Bríste spóirt le cnapaí ó bhun go barr na coise. Bhí péire agamsa – agus bhí said uafásach!

 

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Michelle Beamish'