Barr Smaise…le Gormfhlaith Ní Thuairisg

Is í láithreoir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Pic Gormfhlaith

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

leisciúil, saor agus gan iarnáil.

Na pearsain aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Bean: Marion Ní Shúilleabháin,  atá chomh pioctha, gléasta ag a 6.30 ar maidin, chuile mhaidin…nuair is léir ar an ndroch-chaoi atá ar chuid againn gur ghléas muid muid fhéin sa dorchadas!

Fear: Níor mhaith liom é a lua, ar fhaitíos go ngortófaí  iad siúd nach mbeadh san áireamh.

An rud is sine i mo chófra/vardrús? 

Rudaí ó bhainiseacha a ndeachaigh mé acu roimh an Díle agus mé ag fanacht fós go dtiocfaidh siad ar ais sa bhfaisean arís. Agus go leor éadach a chaith na blianta i bpriosanna dhaoine eile (féach an chéad cheist eile).

Penneys, Brown Thomas nó…

…go leor as Penneys, beagán as Brown Thomas agus cuid mhaith as Portobello i nGaillimh, áit a gcaithim i bhfad an iomarca airgid ar shean-éadach atá caite amach ag daoine eile.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

sclábhaí le mo chuid éadaí a roghnú dhom…agus iad a níochán. Agus iad a iarnáil (féach an chéad chest).  Agus go leor, leor, leor, leor bróga

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Lionsaí súl (mar nach bhfuil  spré amhairc agam), peann luaidhe malaí (mar gur rugadh mé gan ribe i mo chuide fhéin) agus scuab ghruaige. Faraor, is minicí ná a mhalairt go bhfágaim an teach gan ceachtar acu.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

date? Céard é “date”? Is cuimhin liom go mbíodh a leithéidí ann fadó…

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…gúna. Nó toitíní. Nó na léinte sin dúnta go smig. Nó léinte a bhfuil dath difriúil ar an mbóna seachas ar a cuid eile dhe. Nó treabhsar ró-chúng. Nó ró-leathan. Nó croiméal….

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

An gceapann tú go mbeadh an chuma seo orm dá mbeinn ag leanacht blaganna faisin?

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Chuile short ó 1983-1993. Ach is dócha gurbh iad na spéaclaí a roinn mé fhéin agus Pat Kenny sna blianta sin a ba mheasa ar fad!

Fág freagra ar 'Barr Smaise…le Gormfhlaith Ní Thuairisg'

  • Bríd

    Go dtaga na bróga sin ar fad do bhealach lá éigin!