Barr Smaise… le Colmán Mac Séalaigh

Is é Colmán Mac Séalaigh, láithreoir le TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Colmán Mac Séalaigh

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

… simplí, slachtmhar, sona.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Ó thaobh na bhfear, taitníonn cultacha Justin Timberlake agus Daniel Craig liom; breathnaíonn siad snasta i gcónaí. Níl mórán cur amach agam ar stíl na mban ach breathnaíonn Scarlett Johansson go hálainn i gcónaí!

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Geansaí dearg le líneáil lomra ó Topman. Tá sé chomh sean agus chomh caite sin go raibh orm cosaint uillinne a fhuáil air. Bíonn sé liom ag chuile fhéile cheoil mar go bhfuil sé te teolaí.

Penneys, Brown Thomas nó….

 … is maith liom mo chuid bríste a cheannach i River Island agus tagann gach rud eile ó shiopaí éagsúla.

 Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

 … bróga reatha, bróga reatha agus tuilleadh bróga reatha.

 An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Tá cinnte! Bíonn sé ag teastáil uaimse go háirithe th’éis an smideadh a ghlanadh ó mo aghaidh. Tá sé tábhachtach aire a thabhairt do do chraiceann agus is bealach simplí agus éifeachtach é.

 Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

 … rud éigin simplí agus clasaiceach ach gan dul thar fóir.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

 … na héadaí céanna liomsa!

An lóis iarbhearratha (aftershave lotion) is ansa liom…

 … le bheith macánta, ní úsáidim ceann faoi láthair ó tharla go bhfuil féasóg orm!

 An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

An stíl a bhí agam agus mé i mo dhéagóir…éadaí X Works, Petro Motion agus Eclipse. Ní raibh an íomhá sin ró-iontach; sin a dheireann mo mháthair ar aon nós!

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Colmán Mac Séalaigh'