Barr Smaise… le Áine Ní Bhreisleáin

Is í Áine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Nuacht TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…  

Áine Ní Bhreisleáin, Nuacht TG4  at the annual Oireachtas Media Awards in the Radisson Blu Hotel in Galway. Hosted by RTÉ Aengus Mac Grianna, these annual Awards celebrate achievement and excellence in the Irish language media sector. Photo:Andrew Downes: XPOSURE
Áine Ní Bhreisleáin, Nuacht TG4 ag na Gradaim Chumarsáide. Photo:Andrew Downes: XPOSURE

… dathanna dorcha, simplí agus… comhaimseartha

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Blake Lively agus George Clooney

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Cóta fearthainne atá ar a laghad 10 mbliana d’aois

Penneys, Brown Thomas nó…

Zara mar go bhfuil éadach álainn ann, atá go maith do dhuine atá ard, agus mar go mbíonn éadach úr ann gach seachtain.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

Gach píosa smididh ó Charlotte Tilbury, péire brístí leathair Les Chiffoniers agus mála deas donn ón Iodáil.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Aibhsiú (highlighter) ón chomhlacht Becca, balsam béil Nuxe agus scáthú súil le Charlotte Tilbury

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

‘Skinny jeans’ , barr ó Zara agus péire sálaí deasa nach raibh ró-ard.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… onesie nó handlebar moustache!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom

Blag faisin ‘buy now blog later’, Pixiwoo ar Youtube agus Viva Adonis, blag Éireannach. Is maith liom bheith ag amharc ar pinterest agus ar shuíomh Olivia Palermo.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Banda gruaige d’éadach gorm a chaith mé gan stad don chéad bhliain ar an mheánscoil, thar a bheith ‘nerdy’.  Ní raibh mé rófhaiseanta an uair sin!