Barr maise á chur ar Thuar Mhic Éadaigh agus iad ag fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017

Tá níos lú ná trí seachtaine fágtha go dtí tús an chomórtais, tá na jabanna móra uile nach mór déanta ach tá muintir na háite fós ag obair ina sluaite chun obair na mblianta a chríochnú

Barr maise á chur ar Thuar Mhic Éadaigh agus iad ag fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017

Agus é fógartha i rith na seachtaine go mbeidh buachaillí Chill na Martra ag déanamh ionadaíochta do Chorcaigh i gcraobh shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017, tá na foirne uile a bheidh ag dul chun páirce i dTuar Mhic Éadaigh an mhí seo chugainn socraithe anois.

Beidh na himreoirí uile anois ag díriú ar an traenáil agus iad ag iarraidh coirn an deireadh seachtaine a thabhairt leo, ach seans nach silfidh aon duine acu an t-allas a shilfidh lucht eagraithe an chomórtais idir seo agus Luan Cincíse.

Nuair a labhair Micheál Ó Fhlainn le Tuairisc.ie an uair dheiridh, mheas sé go raibh “go leor déanta ach go leor fós le déanamh”. Anois, agus muid i bhfoisceacht trí seachtaine don chomórtas, tá na jabanna móra uile críochnaithe, nó beagnach críochnaithe, ach tá na rudaí beaga a chuireann barr maise ar dheireadh seachtaine Comórtais Peile na Gaeltachta fós le déanamh.

Tá Ó Fhlainn féin faoi bhrú clár an deireadh seachtaine a chríochnú, agus caithfidh sé sin a bheith ag an gclódóir faoi cheann cúpla lá, agus tá cúpla jab práinneach eile le déanamh idir an dá linn.

‘Neart le chéile’ é mana an chumainn, agus é scríofa ar shuaitheantas Thuar Mhic Éadaigh, agus deir Ó Fhlainn gur cinnte go bhfuil brí na bhfocal le feiceáil go láidir in obair mhuintir na háite agus iad ag fáil réidh don chomórtas.

“Is pobal iontach atá againn anseo, a tharraingíonn le chéile i gcónaí. Tá píosaí caite agam in áiteanna difriúla, i nGaillimh, i Sligeach, i Liatroim, ach is cinnte go bhfuil Tuar Mhic Éadaigh speisialta. Is áit bheag é ina mbíonn gach duine ag obair as lámha a chéile.”

Tá breis agus 100 duine ag obair go deonach chun an ceantar a fháil faoi réir don chomórtas agus is beag duine ann nach mbeidh jab éigin déanta acu roimh a dheireadh. Mar a deir Ó Fhlainn, “fiú más páirt bheag atá le déanamh acu, is páirt thábhachtach a bheidh ann.”

Agus halla spóirt, páirc peile agus carrchlós nua tógtha ag an gcumann, chomh maith le hathchóiriú a bheith déanta acu ar an gclubtheach, is cinnte go raibh níos mó dua ag baint le heagrú Chomórtas Peile na Gaeltachta ná aon rud eile a tharraing an pobal orthu féin roimhe seo.

Idir an obair sin uile, cosnóidh ullmhúcháin an chomórtais €800,000 ar Thuar Mhic Éadaigh. Fuair siad  €250,000 ón Stát agus iasacht €150,000, ach bhí €400,000 fós le bailiú ag an lucht eagraithe. Tá sé sin nach mór déanta acu faoin am seo.

Ní fios an líon bailiúchán a reáchtáladh le cúpla bliain anuas. Bailíodh os cionn €30,000 ag comórtas dornálaíochta in 2015 agus os cionn €50,000 ag comórtas damhsa anuraidh. Chomh maith leis sin, bhí leithéidí scéim Cairde Thuar Mhic Éadaigh, bailiúcháin sráide agus síntiúis ó mhuintir na háite, sa bhaile agus thar lear.

Is a bhuíochas de ghnaíúlacht an phobail go mbeidh áiseanna den scoth i dTuar Mhic Éadaigh do dheireadh seachtaine na Cincíse, agus ar feadh na mblianta atá le teacht. Agus an gaineamh á scaipeadh agus na postaí beagnach réidh le cur suas ar an bpáirc nua, deir Ó Fhlainn go mbeidh tionchar mór ag an fhorbairt ar an gcumann.

“Roimhe seo, ní raibh ach páirc amháin agus dhá sheomra feistis againn,” a deir sé. “Dá mbeadh cluiche ag na sinsir agus na buachaillí agus na cailíní óga ag traenáil ina dhiaidh, bheadh orthu a gcuid éadaí a athrú sa chistin nó sa leithreas! Anois, beidh a gcuid seomraí feistis féin acu agus má bhíonn cluiche ar Pháirc Naomh Muire, is féidir linn traenáil a bheith againn ar Pháirc an Choláiste.”

Deir Ó Fhlainn go bhfuil na sluaite ón cheantar atá thar sáile faoi láthair ag teacht abhaile don chomórtas agus chun an forbairt uile a fheiceáil. Mar sin, déanfaidh sé níos deacra fós é d’aon duine nach bhfuil a gcuid lóistín curtha in áirithe acu go dtí seo.

Cé nach mbeidh foirne as Rinn Mhaoile ná an Fhairche ag cuardach leapacha, deir Ó Fhlainn go raibh sé níos gnóthaí ná mar a bheadh duine in oifig turasóireachta agus lóistín faighte cheana féin do thart ar 700 imreoir agus a lucht leanúna. Cé go bhfuil leapacha fós ar fáil in áiteanna amhail Caisleán an Bharraigh, Cathair na Mart agus Baile an Róba, moltar d’aon duine nach bhfuil lóistín acu go fóill é a chur in áirithe gan mhoill.

Táthar ag súil le idir 3,000 agus 5,000 duine ag an deireadh seachtaine agus is léir go bhfuil Ó Fhlainn ag súil go mór leis na sluaite a mhealladh chuig Tuar Mhic Éadaigh agus áilleacht an cheantair a thaispeáint do phobal na Gaeltachta.

“Tá daoine ann nach raibh i dTuar Mhic Éadaigh riamh, nó nach bhfuil a fhios acu cá bhfuil sé fiú mar go bhfuil sé as bealach , ‘off the beaten track’, mar a dearfá. Ón bpointe gur tháinig mé go dtí an áit seo, bhí mé tógtha leis — an loch, na sléibhte, na daoine.

“Tá muid ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine, le slua mór agus aimsir bhreá agus go bhfillfidh na daoine a thiocfaidh  ar Thuar Mhic Éadaigh ina dhiaidh chomh maith.”

Fág freagra ar 'Barr maise á chur ar Thuar Mhic Éadaigh agus iad ag fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017'

  • Mánus

    Cuireann an comórtas seo ócáid shóisialta le Béarlóirí ón “Ghaeltacht” oifigigiúil an Béarla a bhrú ar Ghaeilgeoirí ó na ceantracha breacGhaeltachta ar a dtugtar Catagóir A. An scéal céanna leis comórtas damhsa seite atá dírithe ar Bhéarlóirí ag Oireachtas “na Gaeilge”.