‘Baol íseal’ ann go scaipfidh an coróinvíreas in Éirinn

Deir Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte nach bhfuil ann ach baol íseal go scaipfidh Covid 19 in Éirinn

‘Baol íseal’ ann go scaipfidh an coróinvíreas in Éirinn

Tá ráite ag Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan nach bhfuil ann ach baol íseal go scaipfidh an coróinvíreas in Éirinn.

Tagann ráiteas Holahan sna sála ar an scéala go bhfuil scoil i mBaile Átha Cliath dúnta as seo go ceann coicíse ó tharla go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag duine de na daltaí.

Tá an dalta, buachaill sna déaga, ar an dara duine in Éirinn a bhfuarthas toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu don ghalar.

Buaileadh tinn an déagóir tamall de laethanta ó shin i ndiaidh dó filleadh ó thuras ar an Iodáil agus tá sé a choinneáil ó dhaoine eile in ospidéal i mBaile Átha Cliath.

D’ordaigh oifigigh sláinte phoiblí inné go ndúnfaí an scoil go dtí an 16 Márta agus seoladh litir ón HSE go dtí tuismitheoirí na scoile ag míniú an scéil dóibh.

Dúradh gur cheart do dhaltaí agus baill foirne na scoile srian a chur leis an dteagmháil shóisialta a bhíonn acu le daoine eile.

Tá iarrtha ag an Roinn Sláinte go léireofaí meas ar rúndacht othar ionas nach mbeadh aon leisce ar dhaoine eile a mbeadh amhras orthu go bhfuil an galar orthu iad féin a chur in iúl do na húdaráis.

Dúirt an Dr Tony Holohan nach raibh aon cheist faoi láthair maidir le tionól na Féile Pádraig i mbliana ach dúirt go bhféadfadh athrú teacht ar an scéal sin agus gur deacair a thuar cad a tharlóidh as seo go ceann deich lá.

Dúirt an Dr Holohan go raibh dóthain seomraí leithlisithe sa chóras leighis chun déileáil le srianadh an ghalair faoi láthair ach go bhféachfaí ar dhaoine a choinneáil amach ó dhaoine eile in áiteanna eile, sa bhaile, mar shampla, dá dtiocfadh ardú ar líon na gcás.

Níor ghá a dúirt sé cluichí ná traenáil a chur ar ceal mar a bhí déanta ag roinnt foirne agus clubanna gar don scoil.

Cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile i dtuaisceart na cathrach go mbeadh súil á coinneáil ag oibrithe sláinte ar na daltaí as seo go ceann coicíse.

Thug príomhoide na scoile le fios do thuismitheoirí go raibh an scoil á dúnadh “mar bheart réamhchúraim”.

Creidtear nach bhfuil baol rómhór ann go bhfuil an galar tolgtha ag daltaí eile nó baill foirne sa scoil, ach táthar ag iarraidh orthu fanacht amach ó dhaoine eile nó go mbeidh an tréimhse ghoir thart.

Tá tíortha ar fud an domhain buailte ag ráigeanna den víreas Covid-19  a thosaigh sa tSín ag deireadh na bliana seo caite agus tá dlús á chur anseo faoin obair réamhullmhúcháin in Éirinn le tamall.

Cuireadh ar ceal cheana féin an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil a bhí beartaithe don deireadh seachtaine seo chugainn agus tá súil á coinneáil chomh maith ar pharáidí na Féile Pádraig agus ollchruinnithe eile.

Tuairiscítear go bhfuil os cionn 86,500 cás den ghalar dearbhaithe agus go bhfuil breis is 3,000 duine básaithe.

 

 

Fág freagra ar '‘Baol íseal’ ann go scaipfidh an coróinvíreas in Éirinn'