Baol ann go mbeidh pobal na Gaeltachta fágtha gan dochtúirí teaghlaigh sna blianta atá romhainn – HSE

Rinneadh cur síos ar na deacrachtaí atá ann dochtúirí agus oibrithe sláinte eile a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta agus ceantair thuaithe eile ag cruinniú I dTithe an Oireachtais 

Baol ann go mbeidh pobal na Gaeltachta fágtha gan dochtúirí teaghlaigh sna blianta atá romhainn – HSE

Tá rabhadh tugtha ag na seirbhísí sláinte maidir leis na deacrachtaí a bheidh ann dochtúirí teaghlaigh a fhostú i gceantair Ghaeltachta amach anseo mura dtiocfaidh athrú ar chúrsaí.

Rinneadh cur síos ar na deacrachtaí atá ann dochtúirí agus oibrithe sláinte eile a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta agus ceantair thuaithe eile ag an gcruinniú is déanaí de Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Luadh Conamara agus Oileáin Árann mar áiteanna ina bhfuil fadhbanna tagtha chun cinn cheana féin.

“Níl dabht ar bith ach go bhfuil fadhb mhór ag teacht síos an bóthar maidir le dochtúirí faoin tuath,” a dúirt Tony Canavan, Príomhfheidhmeannach Saolta, an Grúpa Ollscoile um Chúram Sláinte.

“Fadhb í don Ghaeltacht agus fadhb í don mhuintir atá ina gcónaí taobh amuigh de na cathracha móra,” a dúirt sé.

“Mar shampla, tá fadhb againn ar Inis Oírr agus Inis Meáin. Tá locum ag obair ansin ar feadh trí nó ceithre bliana anois. Tá a fhios againn go mbeidh fadhb againn théis na Nollag ar an gCeathrú Rua chomh maith.”

Tugadh le fios go raibh folúntas do dhochtúir teaghlaigh ar an gCeathrú Rua le hathfhógairt ag an HSE an tseachtain seo caite nár chuir ‘oiread agus duine amháin’ isteach ar an bpost nuair a fógraíodh é den chéad uair.

Dúirt Cuimín Mac Aodha Bhuí, Ceannasaí na Seirbhísí Gaeilge sa HSE go bhfuil an fhadhb chéanna i nDún na nGall maidir le dochtúirí teaghlaigh, teiripeoirí urlabhra agus cainte agus oibrithe sláinte eile a fhostú.

“Níl na dochtúirí óga sásta lonnú sna ceantair thuaithe agus mura ndéantar rud éigin ar nós liúntas breise a chur ar fáil dóibh, coinníollacha níos fearr a chur ar fáil dóibh, tá na pobail sin i gcontúirt a bheith fágtha gan dochtúirí teaghlaigh sna blianta atá romhainn.”

Dúirt Tony Canavan go gcaithfí tacaíochtaí breise a chur ar fáil chun daoine a mhealladh chun a bheith ag obair faoin tuath ach nach raibh an t-airgead ann chun a leithéid a dhéanamh. 

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh dualgas orthu i dTeach Laighean obair a dhéanamh chun leigheas a fháil ar an bhfadhb agus tacaíocht a fháil ó Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta chun acmhainní breise a chur ar fáil.

“Ba cheart don choiste seo a mholadh go ndéanfadh an stát i bhfad Éireann níos mó infheistíochta i ndaoine a oiliúint – scoláireachtaí a thabhairt agus mar sin de – agus ansin go mbeadh siad ceangailte oiread seo blianta a chaitheamh ag cur seirbhísí ar fáil,” a dúirt Ó Cuív.

“Níl aon mhaith a bheith ag rá gur cheart na daoine seo a fhostú mura bhfuil siad ann.”

Mheas an Teachta Ó Cuív go raibh tábhacht ar leith le tithíocht a chur ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh agus oibrithe sláinte eile agus go bhféadfaí moladh do Chomhairlí Contae go ndéanfaí níos éasca do na daoine sin cead pleanála a fháil.

“Má bhreathnaíonn tú siar 100 bliain, bhíodar glic go maith fadó, chuile mhúinteoir scoile i mbunscoil ar fud na tíre, fuaireadar teach leis an bpost. Bhíodh dochtúirí ag fáil tithe leis na poist. Tharraing sé sin daoine chuig ceantair áirithe. B’fhéidir go gcaithfeadh muid dul siar seachas ar aghaidh chun cuid de na dea-nósanna a bhí ann [a úsáid],” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Baol ann go mbeidh pobal na Gaeltachta fágtha gan dochtúirí teaghlaigh sna blianta atá romhainn – HSE'