Baol ann go mbeidh ar chailín óg Gaeltachta a bhfuil airtríteas uirthi fanacht sé bliana chun scanadh MRI a fháil 

Tá Cáit agus Pádraig Ó Beaglaoi ag fanacht dhá bhliain cheana féin chun scanadh a fháil dá n-iníon, Aoileann, ach dúradh leo go mbeidh samhradh 2024 ann sula mbeidh sí in ann an scanadh a fháil

Baol ann go mbeidh ar chailín óg Gaeltachta a bhfuil airtríteas uirthi fanacht sé bliana chun scanadh MRI a fháil 

Tá ráite le beirt tuismitheoirí ón Rinn i nGaeltacht Phort Láirge go mbeidh orthu fanacht sé bliana chun scanadh MRI a fháil dá n-iníon a bhfuil droch-airtríteas ag cur as di.

Tá dhá bhliain caite cheana féin ag Cáit agus Pádraig Ó Beaglaoi ag fanacht chun scanadh a fháil dá n-iníon, Aoileann, in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn ach dúradh leo go mbeidh samhradh 2024 ann sula mbeidh Aoileann in ann an scanadh sin a fháil.

Bhí Aoileann, atá 11 bliain d’aois, ceaptha scanadh a fháil mí na Samhna 2020 ach cuireadh an coinne sin siar de bharr na paindéime agus dúirt lucht an ospidéil gur mí Iúil 2024 anois an dáta is gaire chun an scanadh a dhéanamh.

Dúirt a tuismitheoirí go bhfuil scanadh ag teastáil go géar ó Aoileann, a bhfuil siondróm Down uirthi, chun léargas a fháil ar cé chomh dona agus atá an t-airtríteas agus chun a fháil amach an bhfuil an leigheas atá á thabhairt di ag déanamh aon mhaitheas.

Agus iad ag labhairt ar chlár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Pádraig Ó Beaglaoi gur tugadh le fios dóibh go raibh moill bhreise curtha ar gach uile scanadh MRI mar thoradh ar shrianta an Covid-19.

Dúirt a hathair go raibh seans ann go dtabharfaí dáta eile dóibh nuair a bheadh deireadh leis na srianta ach nach bhfuil aon chinnteacht ag baint leis sin.

“Is dócha go dtiocfaidh [an dáta] thar n-ais agus nach mbeidh sé chomh fada amach le 2024 ach níl aon duine ábalta dáta a thabhairt dúinn,” arsa Pádraig.

“Fós, níl sé i gceart. Anuraidh, bhíomar ag fanacht dhá bhliain agus beidh sé níos faide ná sin.”

Thosaigh an scéal in 2014 nuair a thosaigh Aoileann, nach bhfuil in ann labhairt, ag gol gan chúis. Chaith an chlann ceithre bliana ag freastal ar ospidéal ag iarraidh a fhail amach cad a bhí ag cur as dá n-iníon agus faoi dheireadh, in 2018, dúradh leo gur airtríteas a bhí ar Aoileann.

Tá airtríteas níos coitianta i leanaí a bhfuil siondróm Down orthu, cuireann sé as do dhuine as gach cúigear díobh, agus cé go bhfuil Aoileann ar dhrugaí chun an phian a bhainistiú, teastaíonn scanadh mar chuid den chóir leighis.

Dúirt Cáit go bhfuil sé dochreidte go bhfuil orthu fanacht chomh fada seo ó dúradh leo go raibh scanadh ag teastáil, gan trácht ar cheithre bliana eile.

“Mí na Nollag 2018 a bhíomar ann [san ospidéal] agus is ag tús 2019 a fuaireamar an litir agus is ar éigean nár thit na súile amach as mo cheann nuair a chonaic mé gur mí na Samhna 2020 a bhí ar an litir sin. Cheapas gur botún a bhí ann agus chuaigh mé i dteagmháil leo ach dúirt siad, ‘No, sin atá ann’.”

Tá árachas príobháideach ag an gclann ach níl aon rogha eile acu ach freastal ar Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn i mBaile Átha Cliath mar gurb é an t-aon ospidéal sa tír a dhéanann scanadh ar ghasúir faoi ainéistéiseach ginearálta, mar a theastaíonn i gcás Aoilinn.

Dúirt a tuismitheoirí go bhfuil na drugaí atá á dtabhairt d’Aoileann ag cur isteach go mór ar chaighdeán saoil a n-iníne.

“Tá an leigheas chomh láidir sin go gcaithimid fuil a thógaint gach aon choicís chun déanamh cinnte nach bhfuil an leigheas i gcomhair na péine ag déanamh díobháil di,” a dúirt Pádraig.

“Tá sí ar an leigheas sin anois le breis is dhá bhliain agus ní féidir linn í a thógáil de. Dá dtógfaí anuas de í, ní bheadh sí ábalta maireachtaint in aon chor. Bheadh an phian ró-olc.”

“Níl aon saol aici faoi láthair, chun an fhírinne ghlan a rá leat,” arsa Cáit. “Ní féidir linn dul sa seans agus í a scaoileadh amach sa phobal.”

Dúirt an mháthair nach bhféadfaidís Aoileann a chur chun na scoile agus í ar na drugaí seo, beag beann ar Covid-19.

“I gcás aon pháiste le siondróm Down, níl immunity an-láidir acu agus nuair a chuirtear iad ar na drugaí seo, laghdaíonn sé sin arís. Dúradh linn mí an Mhárta go raibh sé ró-dainséarach di dul ar ais ar scoil.”

Is féidir an t-agallamh ar fad le Cáit agus Pádraig Ó Beaglaoi a chloisteáil anseo.

Fág freagra ar 'Baol ann go mbeidh ar chailín óg Gaeltachta a bhfuil airtríteas uirthi fanacht sé bliana chun scanadh MRI a fháil '

  • Peigí Ní Chonghaile

    Agus inné os comhair Coiste Dála an dream atá freagrach as ospidéal nua na leanaí ag rá nach bhfuil fhios acu fós cé mhéid billiún a chosnóidh an t-ospidéal agus ag súil go mbeidh sí críochnaithe i 2024 ??? Céard atá mícheart leis an tír seo? Sí leithéide Aoileann agus a muintir atá ag fulaingt de bharr nach bhfuil polaiteoirí agus conraitheoirí in ann an ról atá tugtha dhóibh a chomhlíonadh. Scannal eile ag tarlú os comhair ár gcuid súile a bhfuil costas ard daonna á íoc air.
    Páiste ag fanacht 6 bliana le scanadh, tá muid sa 3ú domhan!

  • Seán Ó Donnchaidh

    Agus gheobhaidh Ard -Rúnaí an Roinn Sláinte ardú tuarastail go €292,000 (timpeall €90,000 sa bhreis) chun an rud go léir a bhainistiú.
    Ní fheadar an bhfuil botún bheag sa sliocht thuas? Dúirt Pádraig ar an raidió go gcuireann an fhadhb sin as do dhuine as gach caogar – (seachas cúigear thuas) – measaim go bhfuil an ceart aige.