Baol ann go bhfágfar pobal Gaeltachta gan ionadaíocht bhuan ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Dúradh ag cruinniú a bhí i dTeach Laighean faoi fhilleadh thoghchán an Údaráis gur ceist chasta a chinntiú go mbeidh ‘ionadaíocht chuí’ ag na ceantair Ghaeltachta uile

Baol ann go bhfágfar pobal Gaeltachta gan ionadaíocht bhuan ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá ráite ag gníomhaithe pobail agus teanga ó Chiarraí Theas nach dtabharfar “aitheantas ceart” do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh mura mbeidh ionadaíocht bhuan ag pobal an cheantair ar Bhord Údarás na Gaeltachta amach anseo.

Cé go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais agus baill ó gach contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta a bheith tofa ar an mBord, tá imní léirithe go mbeidh ceantair Ghaeltachta atá scoite amach ó cheantair níos mó sa chontae céanna fágtha ar lár.

I gcás Chiarraí, tá molta i gceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 go mbeadh ball tofa amháin ó Chiarraí ar an mBord nua. Toisc go bhfuil daonra i bhfad níos mó i gCorca Dhuibhne ná mar atá i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, glactar go bhfuil sé nach mór cinnte go dtoghfar iarrthóir ó Chorca Dhuibhne sa toghchán.

Agus iad i láthair ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt gníomhaithe ó Uíbh Ráthach gur Gaeltacht “lag agus leochaileach le daonra íseal” a bhí sa cheantar ach go raibh teacht aniar “suntasach” léirithe ann le blianta beaga anuas de thoradh “an-chuid oibre”. Measadh go raibh baol ann anois go bhfágfaí pobal an cheantair ar lár mura mbeadh ionadaíocht ag an gceantar ar an mBord.

“Is é éileamh an phobail in Uíbh Ráthach go mbeadh an deis dhaonlathach chéanna tugtha do phobal Uíbh Ráthaigh agus a bheidh ag Gaeltachtaí eile agus go ndéanfaí imfhálú ar shuíochán amháin d’Uíbh Ráthach ins an struchtúr úr ó 2024 ar aghaidh, sé sin go mbeidh deis ag pobal Uíbh Ráthaigh ball ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh a thoghadh ar bhord an Údaráis,” a dúirt Eimear Ní Mhurchú, Bainisteoir Fhorbairt na Dromoda

Tuigimid go bhfuil sé i gceist ag an tAire boird réigiúnda a cheapadh agus bheimis breá sásta ionadaí ó Uíbh Ráthach a bheith páirteach ansin ach chun aitheantas cuí a thabhairt do phobal Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ní foláir deis dhaonlathach a chruthú chun ionadaí a thoghadh ar an mbord.”

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, gur thacaigh sé leis an éileamh ar ionadaíocht do mhuintir Uíbh Ráthaigh ach go raibh gá le tuilleadh ionadaithe ó Chiarraí ar an mBord trí chéile.

Dúirt Ó Sé gur “tógadh ó bhonn” é nuair a chonaic sé na moltaí d’fhilleadh an Bhoird agus go raibh líon na mball ar an mBord le méadú ach go raibh líon na gcomhaltaí ó Chiarraí le laghdú. Dar leis, ba cheart go mbeadh ar triúr ionadaithe ar an mBord ó Chiarraí, beirt Chorca Dhuibhne agus duine ó Uíbh Ráthach.

Agus cur i láthair déanta aige don Choiste Oireachtais níos luaithe inné, mhol iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, go mbeadh beirt bhall tofa ar an mBord thar ceann phobal Gaeltachta Chiarraí agus go mbeadh triúr ó Dhún na nGall air.

Faoin reachtaíocht atá molta, tá triúr ball le toghadh ó Ghaillimh, beirt ó Dhún na nGall agus duine an ceann ó Chiarraí, Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus contae na Mí.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le linn an phlé gur ceist chasta a chinntiú go mbeadh ionadaíocht chuí ag na ceantair Ghaeltachta uile.

Sé dhuine dhéag atá le bheith ar Bhord an Údaráis faoin reachtaíocht atá molta agus cé gur dhúirt Ó Cuív go raibh sé den tuairim gur oibrigh an Bord go maith nuair a bhí scór comhalta air, dúirt sé freisin go mbeadh sé deacair ionadaíocht a chinntiú d’Uíbh Ráthach, fiú agus 20 ball air. Dúirt sé go mbeadh pobail bheaga ar fud na Gaeltachta ag lorg ionadaíocht ar an mBord dá gcuirfí suíochán ar leataobh d’Uíbh Ráthach.

Dúirt Ó Cuív go raibh fiúntas leis an moladh a rinne Páidí Ó Sé go mbeadh ionadaíocht ag ceantair bheaga ar na boird réigiúnda atá le bunú agus go bhféadfadh na boird sin dul i bhfeidhm ar an bpríomh-Bhord ansin ach go gcaithfí an cheist a phlé tuilleadh.

Fág freagra ar 'Baol ann go bhfágfar pobal Gaeltachta gan ionadaíocht bhuan ar Bhord Údarás na Gaeltachta'