Baol an fhoréigin méadaithe i mbéal an chomórtha ar Chomhaontú Aoine an Chéasta

Níor ghá déad feasa chun a thuar go ndéanfar iarracht chun eachtra sceimhle spleodrach a eagrú tráth a mbeidh 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta á chomóradh

Baol an fhoréigin méadaithe i mbéal an chomórtha ar Chomhaontú Aoine an Chéasta

‘Ní chuirfidh siad bac ormsa,’ arsa Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ag freagairt ceiste faoin gcontúirt bhreise ó pharaimíleataigh i dTuaisceart Éireann a bhí sé. Céard eile a d’fhéadfadh sé a rá? Mar sin féin is údar imní agus díomá é go bhfuil baol an fhoréigin treisithe, daoine ag iarraidh an tseoid is luachmhaire ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, an tsíocháin, a scrios.

Chinn seirbhís faisnéise rúnda na Breataine, MI5, go raibh géarchontúirt ann go ndéanfadh easaontóirí poblachtánacha ionsaithe. Tá cúig chéim san rangú a dhéanann siad ar an leibhéal dainséir. Is é práinneach an rang is airde ar fad, nuair a bhíonn ionsaí ar tí tarlú. Is é géar an chéad rang eile, an leibhéal atá fógartha i dTuaisceart Éireann, ardú ó ‘substaintiúil’ a bhí i réim le bliain. Is é is brí le ‘géar’ gur dóichí ná a mhalairt go ndéanfar ionsaí foréigin.

Níorbh iontas é cinneadh MI5 i bhfianaise iompar an IRA Nua le tamall. Ba iad an PSNI ba mhó a bhí i mbaol ón IRA Nua le fada, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh an pobal i gcontúirt uathu freisin. Léiríodh é sin go tragóideach nuair a mharaigh siad an t-iriseoir Lyra McKee le linn círéibe in aghaidh na bpóilíní. Léiríodh an chontúirt a bhaineann leo nuair a d’ionsaigh beirt fhear gunna dá gcuid an Cigire bleachtaire John Caldwell ar an Ómaigh i ndeireadh mhí Feabhra. Cuireadh mac an phóilín agus scata páistí eile i gcontúirt. In eachtra ar an tSrath Bán sa gheimhreadh ionsaíodh feithicil de chuid an PSNI, beag beann ar shábháilteacht na ndaoine in aice láimhe. Ina theannta sin, d’eisigh dream a thugann Arm na Poblachta orthu féin bagairtí mailíseacha in aghaidh lucht gaoil na bpóilíní chomh maith le comhaltaí an PSNI féin.

Teastaíonn ó na dreamanna sin iarracht a dhéanamh chun an bonn a bhaint de chuma na normáltachta ar an tsochaí seo. Ní heol dúinn cén fhaisnéis a bhí ag MI5 faoi phleananna na n-easaontóirí don tréimhse seo romhainn. Níor ghá déad feasa chun a thuar go ndéanfar iarracht chun eachtra sceimhle spleodrach a eagrú tráth a mbeidh 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta á chomóradh. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil siad sásta leis an bpairilis sna hinstitiúidí polaitiúla, Stormont agus comhairlí aireachta thuaidh theas agus gur bhreá leo ócáidí comórtha a chur as a riocht.

Caolseans go mbeadh siad in ann cur isteach ar chuairt an Uachtaráin, Joe Biden, i bhfianaise na slándála a bheidh i bhfeidhm ar an 11 agus 12 Aibreán agus a mbeidh d’ullmhúchán diamhair déanta roimh ré ag an dream leis na spéaclaí gréine agus na micreafóin ina muinchillí. Beidh imní ar na húdaráis, áfach, go ndéanfar iarracht chun ionsaí a dhéanamh in áit éigin eile lena chinntiú nach dea-scéala amháin a bheidh le scaipeadh le linn na cuairte ón Uachtarán ná na daoine iomráiteacha a bheidh anseo an tseachtain ina dhiaidh sin.

Níorbh iad na heasaontóirí poblachtánacha amháin a chothaigh guagacht le tamall. I dtuaisceart an Dúin bhí sé ina réabadh idir dhá dhrong mangairí drugaí a raibh baint acu le paraimíleataigh dhílseacha an UDA. Caitheadh buamaí peitril le tithe agus rinneadh imeaglú ar theaghlaigh a ruaigeadh as an gceantar.

Dúirt na póilíní i dtús báire gur fíoch fola idir dhá dhream san UDA a bhí ar siúl ach níos deireanaí dúradar gur iarbhaill den UDA iad. Ba é leagan amach MI5 gur choiriúlacht eagraithe a bhí i gceist. Cé go raibh eite den UVF bainteach le círéib in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta bliain go leith ó shin, is é cinneadh na n-údarás anois nach baol don tslándáil é foréigean na ndílseoirí murab ionann agus na heasaontóirí poblachtánacha.

Is le coiriúlacht a luaitear an UVF freisin maille leis an ngrúpa paraimíleatach dílseach eile, an Red Hand Commando. D’ainneoin mealladh agus breabadh le blianta chun tabhairt ar na trí ghrúpa dílseacha ‘claochló’ a chur orthu féin, tá siad fós ag earcú daoine óga a mbaineann siad úsáid astu chun drugaí a sheachadadh. Sceith bhéil iad as ansmacht a imirt ar a gcomharsana agus as sracadh airgid ó lucht gnó.

Smál ar an Tuaisceart is ea iadsan agus na heasaontóirí paraimíleatach poblachtánacha. Fianaise is ea a bhfadmharthanacht go bhfuil an tsíocháin leochaileach agus nach mór leas a bhaint as comóradh an Chomhaontaithe chun í a neartú.

Fág freagra ar 'Baol an fhoréigin méadaithe i mbéal an chomórtha ar Chomhaontú Aoine an Chéasta'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá súil agam go n-éireoidh sé go léir as go shíochánta. In Ainm Dé agus A Mháthair Beannaithe.