B’annamh cluichí móra ag CLG aimsir na Nollag…

Bhí an lá ann nuair ba thréimhse díomhaoine agus scíthe a bhí in aimsir na Nollag ag CLG

B’annamh cluichí móra ag CLG aimsir na Nollag…

Foireann iomána na Gaillimhe in 1923

Ní fada uainn anois go mbeidh cluichí ceannais peile agus iománaíochta na gclubanna sinsearacha ar bun ag an am seo den bhliain. Tá Cumann Lúthchleas Gael meáite ar a gcuid comórtas ar fad a bheith críochnaithe faoi dheireadh na bliana a bhíonn luaite leo agus le fíorghairid shocraigh siad gur ag an am seo arís (an 12 an 13 Nollaig 2020) a bheidh babhtaí leathcheannais peile agus iomána na gclubanna sinsearacha ar bun i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí an lá ann nuair ba thréimhse díomhaoine agus scíthe a bhí in aimsir na Nollag ag an gCumann. Is fíor go raibh tráth ann go n-imrítí corrchluiche fánach sa Sraithchomórtais Náisiúnta an chéad seachtain den mhí ach b’in nuair a thosaítí an comórtas sin i ndeireadh an Fhómhair agus go dtagadh críoch leis an tEarrach dár gcionn.

Tá mé ag dul amú nó ní mór dul siar beagnach céad bliain sula dtiocfaidh tú ar an uair dheireanach ar imríodh ceann de mhórchluichí ceannais CLG le linn na míosa atá againn faoi láthair. An bhliain 1924 a bhí i gceist nuair a bhuaigh Áth Cliath ar Ghaillimh (5-3 in aghaidh 2-6) i gcluiche ceannais na hiománaíochta ar an 14 Nollaig agus gan i láthair i bPáirc an Chrócaigh ach 9,000 duine.

Go deimhin ba é an cluiche sin an dara cluiche ceannais a bhí imeartha ansiúd ag Gaillimh in imeacht cúpla mí mar ar an 14 Meán Fómhair bhuaigh siad ar Luimneach ann (7-3 in aghaidh 4-5) i gcluiche ceannais 1923 a raibh moill curtha air ag imeachtaí polaitíochta agus iománaithe a bheith i ngéibheann.

Bhí Mick Gill as Baile an Doirín i lár na páirce ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh an lá sin. Bhí sé ar an bpáirc arís ráithe dár gcionn nuair a d’imir Gaillimh agus Áth Cliath a chéile i gCluiche Ceannais 1924 ach an babhta seo, ba ar fhoireann na príomhchathrach a bhí Gill ag imirt.

An chúis a bhí leis sin go dtáinig riail isteach i gcraobhchomórtais 1924 go mba don chontae ina raibh sé ina chónaí amháin ba cheadmhach d’imreoir dul chun páirce. Bhí Gill gaibhte isteach sa nGarda Síochána faoin tráth sin agus ní raibh aige ach aghaidh a thabhairt orthu siúd a bhí mar chomrádaithe imeartha aige go gairid roimhe.

Bíodh do rogha tuairim agat faoin argóint atá ar siúl sa lá atá inniu ann faoi iomarca d’acmhainní na heagraíochta a bheith le fáil ag Áth Cliath, ach bhí an riail a choinnigh fear Bhaile an Doirín ó imirt dá chontae dúchais i 1924 thar a bheith aisteach.

Ag an am ba i mbailte móra a bhí fáil ar an mbeagán fostaíochta a bhí ann ag an am agus an sciar ba mhó di sin ar fad sa bpríomhchathair. De bharr na rialach sin bhuaigh Áth Cliath Craobh Shinsearach Iománaíochta na hÉireann cúpla babhta agus gan é le rá faoi dhuine amháin fhéin de na himreoirí go mba sa gcontae sin a rugadh é.

Go fiú nuair a thug siad leo Corn Mhic Cárthaigh i 1938 lena mbua ar Phort Láirge ba é Jim Byrne, as Cumann Eoghan Rua i lár na príomhchathrach, an t-aon ‘Dub’ a bhí ar an bpáirc.

Dála an scéil bhí dhá eachtra de thoradh ar an gcluiche sin i 1924. D’fhág sé gurbh é Mick Gill an t-aon duine riamh é a bhuaigh dhá bhonn sinsearach in aon bhliain amháin agus bhí sé le rá ag Pádraig Ó Caoimh a rinne réiteoireacht ar an gcluiche nach ndearna aon Ardstiúrthóir a tháinig ina dhiaidh a leithéid. (Bhí sé déanta roimhe ag Pádraig Tóibín agus ag Lúcás Ó Tuathail a bhí ina nArdstiúrthóirí freisin ).

Ba i mí na Nollag freisin a imríodh leath de na sé chluiche ceannais peile a raibh Loch Garman páirteach iontu idir 1913 agus 1918. Seachtain díreach roimh Oíche Nollag a bhuaigh siad ar Mhaigh Eo i 1916.

Bhí an ceann ab fhearr faighte acu ar Mhuineachán i mbabhta leathcheannais trí mhí roimhe sin ach chuir agóidíocht a bhain leis an gceann eile idir Maigh Eo agus Corcaigh moill thar cuimse ar an gcluiche ceannais.

Ar an 14 Nollaig a d’imir Loch Garman (cumann na Ropairí) in aghaidh Chiarraí (Na Crócaigh) i gcluiche ceannais 1913. B’in an chéad chluiche ceannais a imríodh ar Bhóthar Mhic Sheoin agus an t-ainm ‘Páirc an Chrócaigh’ baiste ar láthair na himeartha faoin tráth sin. Níos luaithe an bhliain sin bhí oiread airgid carntha ag Cumann Lúthchleas Gael agus a cheadaigh dóibh an áit a cheannach ó Frank Dineen, iarUachtarán agus iar-Ardstiúrthóir. Cúig bliana roimhe sin, tráth nach raibh a luach ag CLG, thug seisean £3,250 ar an áit ar an tuiscint go ndíolfadh sé leo é nuair a bheadh an tsócmhainn acu.

I mBaile an Londraigh i Luimneach a saolaíodh an Duiníneach in 1862 agus chomh maith le bheith ina Uachtarán ar an gCumann bhí seisean freisin ina Ardstiúrthóir.

Le deich mbliana anois tá ainm Dineen ceangailte le Cnoc 16, an cúinne is cáiliúla sa bpáirc a choinnigh sé faoina chumhdach don eagraíocht ar thug sé seirbhís mhaith di.

Fág freagra ar 'B’annamh cluichí móra ag CLG aimsir na Nollag…'