Ball foirne i gcomhairle contae ainmnithe do Bhord Údarás na Gaeltachta den chéad uair riamh

Tá Máire Seó Breathnach ón Seanphobal i nGaeltacht na nDéise ainmnithe do Bhord Údarás na Gaeltachta

Ball foirne i gcomhairle contae ainmnithe do Bhord Údarás na Gaeltachta den chéad uair riamh

Tá ball foirne i gcomhairle contae ainmnithe do Bhord Údarás na Gaeltachta den chéad uair riamh agus Máire Seó Breathnach, ón Seanphobal i nGaeltacht na nDéise, tofa ag Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge le bheith ar bhord na heagraíochta fiontraíochta.

De ghnáth is baill de na comhairlí féin a thoghtar le bheith ar Bhord an Údaráis, ach vótáil Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge gurb í Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge na Comhairle, a thoghfaí le go gceapfadh Aire Stáit na Gaeltachta ar an mbord í.

Fágann cinneadh na Comhairle go mbeidh beirt ionadaithe ag Gaeltacht Phort Láirge ar Bhord an Údaráis agus an t-iarchomhairleoir contae Fiachra Ó Céilleachair ina bhall den bhord chomh maith.

Tiocfaidh Máire Seó Breathnach, atá ina Rúnaí ar Chomhlacht Forbartha na nDéise, i gcomarbacht ar Ghobnait Ní Muineacháin ar bhord na heagraíochta Gaeilge.

Ag labhairt di leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Máire Seó Breathnach gur iarradh uirthi dul san iomaíocht d’ainmniúchán na Comhairle mar gheall ar an mbaint atá aici le Comhlacht Forbartha na nDéise, leis an bpleanáil teanga agus leis an bhforbairt pobail. Mar ‘ionadaí pobail’ a d’fheidhmeodh sí ar an mbord, a dúirt sí.

Dúirt Breathnach gurb é an rud ba mhó a theastaigh uaithi a bhaint amach mar bhall den bhord ná plean teanga na nDéise a chur chun cinn.

Beirt eile a bhí san iomaíocht le Breathnach d’ainmniúchán Chomhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge, an Comhairleoir neamhspleách Joe Conway agus an Seán Ó Cadhla, a d’ainmnigh Fianna Fáil.