Bainisteoirí Sinsearacha ar Dhaonáireamh 2021 á n-earcú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Beidh na bainisteoirí freagrach as ullmhúchán agus riaradh obair allamuigh an Daonáirimh cúigbhliantúil fud fad an stáit, in Aibreán 2021

Bainisteoirí Sinsearacha ar Dhaonáireamh 2021 á n-earcú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag glacadh le hiarratais faoi láthair do phoist mar bhainisteoirí sinsearacha ar Dhaonáireamh 2021; 6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus 46 Maoirseoir Réigiúnacha Daonáirimh. Féadfar conarthaí sainchuspóra a thairiscint d’iarrthóirí rathúla ag tosú i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2020 do thréimhse nach faide ná 9 mí.

Cúlra

Beidh Daonáireamh ann Dé Domhnaigh an 18 Aibreán 2021. Earcófar foireann mhór d’oibrithe sealadacha allamuigh chun tabhairt faoi áireamh an Daonáirimh. Chun na críche sin, roinnfear an stát ina 46 réigiún sainithe ina mbeidh idir 10 agus 12 ceantar allamuigh. Seo a leanas an struchtúr a bheidh ar an bhfoireann allamuigh:

· 6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh

· 46 Maoirseoir Réigiúnacha

· 466 Maoirseoir Allamuigh

· Thart ar 5,100 Áiritheoir

Tuarastal na bPost

Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh – ionann le €44,263 sa bhliain

Maoirseoir Réigiúnacha Daonáirimh – ionann le €33,520 sa bhliain

Láthair Oibre

Is gnách gur i bhfoirgneamh na hOifige i Sord, Co. Bhaile Átha Cliath a bhíonn Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh lonnaithe. Is gnách gur in ionaid réigiúnacha ar fud na tíre a bhíonn Maoirseoirí Réigiúnacha Daonáirimh lonnaithe. I ngeall ar aon fhorbairtí a thiocfadh ar threoirlínte COVID-19, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na daoine a cheapfar tabhairt faoi chianobair óna dtithe féin.

Tabhair faoi deara gur gá cur isteach ar na poist seo ar líne ar an tairseach earcaíochta https://censusrecruitment.cso.ie. Ní ghlacfar le hiarratais ar aon bhealach eile. Beidh an tairseach ar oscailt chun iarratas a dhéanamh ó 9 r.n. an 11ú Meitheamh 2020. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5 i.n. ar an 19ú Meitheamh, tráth a mbeidh 1,200 iarratas faighte, cibé is luaithe.

Ní gá ach foirm iarratais amháin a líonadh (fiú dá mbeifeá ag cur isteach ar an dá phost). Beidh gearrliostú i bhfeidhm agus táthar ag súil le hagallaimh a reáchtáil i Lúnasa 2020. Moltar iarratas a dhéanamh go luath.

Ba chóir d’iarrthóirí tabhairt faoi deara go mb’fhéidir, de bharr srianta rialtais bainteach le COVID-19, go mbeadh ar an Oifig an feachtas earcaíochta seo, agus/nó aon cheapacháin ag eascairt as, a chur ar cheal roimh thús sceidealaithe na gconarthaí.

Tá mionsonraí breise, an leabhrán eolais d’iarrthóirí agus Ceisteanna Coitianta ar fáil ag https://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh/foireannallamuighdaonairimh2021bainisteoirisinsearacha/

Tá an Oifig tiomanta don chomhionannas deiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais faoi gach ceann de na 9 mír san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.

Fág freagra ar 'Bainisteoirí Sinsearacha ar Dhaonáireamh 2021 á n-earcú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh'