Bainisteoir nua le ceapadh ar fhoireann ban na Gaillimhe

Tiocfaidh Gerry Fahy i gcomharbacht ar Tim Rabbitt, a d’éirigh as ag tús na bliana tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh i gceannas ar an bhfoireann

Bainisteoir nua le ceapadh ar fhoireann ban na Gaillimhe

Gerry Fahy. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tuigtear go bhfuil Gerry Fahy le ceapadh ina bhainisteoir nua ar fhoireann shinsir peile ban na Gaillimhe.

Tiocfaidh Fahy i gcomharbacht ar Tim Rabbitt, a d’éirigh as ag tús na bliana tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh i gceannas na foirne.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil Fahy le ceapadh go hoifigiúil ag cruinniú coiste inniu.

Tá taithí na mblianta ag Fahy, arbh as Glinsce in oirthear na Gaillimhe dó ó dhúchas, ó bheith ag plé le foirne faoi aois na Gaillimhe. Bhí sé i gceannas ar fhoireann faoi 21 an chontae a shroich cluiche ceannais na hÉireann in 2017. Chaith sé seal ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir Uíbh Fhailí chomh maith.

Iabhainisteoir na Gaillimhe Tim Rabbitt. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Meastar go mbeidh duine de laochra peile na Gaillimhe, Annette Clarke, ina roghnóir ag Fahy. Bhí Clarke ina captaen ar Ghaillimh nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann den uair dheireanach in 2004.

Beidh Kieran Collins, a bhí ina bhainisteoir ar fhoirne faoi aois na Gaillimhe a bhuaigh Craobhacha Faoi 16 agus Mhionúir na hÉireann le blianta beaga anuas, ina roghnóir freisin.

Beidh fear Gaeltachta, Maghnus Breathnach ón Spidéal, ag traenáil cúil bháire na Gaillimhe agus beidh Declan Burke ó Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach ina chóitseálaí corpacmhainne ag an bhfoireann.

Bhí Fahy agus Burke mar chuid d’fhoireann bainistíochta Tim Rabbitt do Chraobh na hÉireann anuraidh, nuair a chuaigh Gaillimh chomh fada leis na babhtaí leathcheannais. Chaill na Gaillimhigh cluiche conspóideach in aghaidh Chorcaí nuair nár tugadh ach seacht nóiméad dóibh téamh suas don chluiche.

 

Fág freagra ar 'Bainisteoir nua le ceapadh ar fhoireann ban na Gaillimhe'