Tá bainisteoir fhoireann caide Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ainmnithe mar Phríomhoide ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ceann de na hiarbhunscoileanna is aitheanta sa Ghaeltacht.
Tiocfaidh Fitzmaurice i gcomharbacht i mí Lúnasa ar Phádraig Firtéar a bhí 43 bliain ag obair i Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus i Scoil na mBráithre Críostaí sa Daingean roimhe sin.
As Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí do Fitzmaurice atá ina mhúinteoir staire, tíreolaíochta agus Gaeilge sa Daingean ó 2001.
Bhuaigh sé trí cinn de chraobhacha uile-Éireann mar imreoir le Ciarraí agus tá craobh amháin buaite go dtí seo aige mar bhainisteoir ar an gcontae. Bhí baint mhór aige leis an rath a bhí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i saol na peile le roinnt blianta anuas, tráth ar éirigh leis an scoil Ghaeltachta dhá chraobh uile-Éireann a bhuachan.
Ag labhairt dó leis an An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Fitzmaurice gur deis iontach a bhí sa cheapachán “cabhrú” le dream óg Chorca Dhuibhne barr a gcumais a bhaint amach mar dhaltaí agus mar dhaoine. Mhol sé go mór an obair a bhí déanta ag Pádraig Firtéar ó bunaíodh an phobalscoil in 2007.
Dúirt sé go raibh dúshláin ar leith roimh scoileanna Gaeltachta agus go raibh sé meáite ar fheidhm a thabhairt don phlean gníomhaíochta atá ullmhaithe ag an bPobalscoil chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta faoin bPolasaí Oideachais nua don Ghaeltacht.
Fág freagra ar 'Bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ainmnithe mar Phríomhoide nua Phobalscoil Chorca Dhuibhne'