Bainimis súp as na himreoirí nua sara mbeidh na tinte cnámh á lasadh ag deireadh Lúnasa…

Beidh neart an phainéil thar a bheith tábhachtach do na contaetha go léir agus ceithre chluiche craoibhe cúige le himirt acu taobh istigh de chúig seachtaine

Bainimis súp as na himreoirí nua sara mbeidh na tinte cnámh á lasadh ag deireadh Lúnasa…

Coicís ó shin agus an tseanbhliain fós linn bhíos ag éisteacht le RTE Radio 1 agus clár spóirt an tSathairn ar siúl. Caitheadh an chuid is mó den chlár ag caint faoin sacar agus faoi rásaí capall agus ag féachaint siar ar 2017, ach bhí tuairiscí freisin ag Brian Carty agus Pat McAuliffe ó dhá cluiche de chuid Chumann Lúthchleas Gael.

Dar ndóigh b’in an deireadh seachtaine ar thosnaigh na fochomórtais. Is iomaí mothúchán éagsúil a bhuail mé. Bhí trua agam do na himreoirí a bhí ag imirt agus mé ag smaoineamh ar an Nollaig chiúin a bhí acu agus an méid ullmhúchán a bhí curtha díobh acu le mí roimhe sin. Ar an taobh eile de, bhíos ag smaoineamh ar na himreoirí óga a bhí ag cur geansaí sinsir an chontae orthu den chéad uair.

A leithéid d’ócáid é dóibh féin agus dá muintir.

Ach nílim i bhfabhar na bhfochomórtas seo in aon chor. Tá an séasúr rófhada ar fad anois agus gan aon bhriseadh in aon chor ag na himreoirí is fearr. I mo thuairimse bheadh sé i bhfad níos fearr fáil réidh leis na comórtais bhreise seo agus ligint do na contaetha corrchluiche dúshláin a imirt roimh na cluichí sraithe agus gan na meáin a bheith ag déanamh tuairisciú orthu. Nuair a bhíonn comórtas i gceist bíonn na meáin ann agus cuireann sé sin brú ar na himreoirí agus na bainisteoirí.

Ach tá an séasúir tosnaithe agus daoine nua le feiceáil ar liostaí na bhfoirne. Chuir Corcaigh foireann chun páirce coicís ó shin agus ní raibh uirthi ach triúr nó ceathrar imreoirí aitheanta. Anuraidh thosnaigh cúigear nua i gcoinne Thiobraid Árann i gcomórtas na Mumhan agus chríochnaigh Mark Coleman an bhliain mar réalta Uile-Éireann. I mbliana tá an bainisteoir John Meyler ag rá go bhfuil sé ag lorg ar a laghad beirt eile a thosnóidh den chéad uair sa chraobhchomórtas.

Dar ndóigh beidh neart an phainéil thar a bheith tábhachtach do na contaetha go léir agus ceithre chluiche craoibhe cúige le himirt acu taobh istigh de chúig seachtaine. 

Léirigh Luimneach a láidreacht faoi aois le cúpla bliain anuas agus is cinnte go mbeidh chuid maith des na foirne buacacha faoi fiche a haon ag caitheamh an gheansaí sinsir i mbliana. Beidh Kyle Hayes, Peter Casey, Aaron Gillane agus Barry Nash agus cuid maith de na foirne sin ag léiriú a gcumais ar pháirceanna iomána na tíre go luath. 

Toisc go raibh imreoirí Chuala in easnamh ar fhoireann Bhaile Átha Cliath anuraidh agus chuid mhaith imreoirí eile (ar chúis amháin nó ar chúis eile ) bhí ar iarbhainisteoir an chontae Ger Cunningham dul leis an óige agus ba sna cluichí sraithe a chonaiceamar leithéidí Dónal Burke agus Jake Malone den chéad uair i ngeansaí sinsir an chontae.

Bhí Rory O’Connor thar cionn le Loch Garman mar a bhí Oisín Kelly le hUíbh Fhailí.

Ná bíodh aon dabht ort ach go bhfeicfimid neart imreoirí nua go rialta ar liostaí na bhfoirne as seo go dtí tús na gcluichí craoibhe agus is cinnte go mbeidh dhá dhosaen imreoirí d’ardchaighdeán ag teastáil d’fheachtas craoibhe na bliana seo.

Agus táimid fós ag feitheamh ar an dream imreoirí óga ón gClár a rinne gaisce sa chomórtas faoi fiche a haon in 2009, 2012, 2013 agus 2014. Bhíomar ag ceapadh i ndiaidh an tsárbhua a bhí acu in 2013 sna sinsir go raibh ré órga i ndán do shinsir an chontae. Táimid fós ag feitheamh. B’fhéidir gur i mbliana a tharlóidh sé agus gurb iad Diarmuid Ryan (atá fós sa mheánscoil), Rory Hayes, Gary Cooney and Colin Guilfoyle a dhéanfaidh an t-aicsean.

Tá Cill Chainnigh ag lorg imreoirí do gach líne agus cúpla duine nua á lorg ag Tiobraid Árann agus Port Láirge freisin.

Tá an Ghaillimh ina rogha láidir na coitiantachta fiú agus gan aon bhuille buailte ar an sliotar acu fós an séasúir seo agus bí cinnte go bhfeicfimid duine nua nó dhó acusan freisin sara mbeidh na tinte cnámh á lasadh ag deireadh Lúnasa.

Fág freagra ar 'Bainimis súp as na himreoirí nua sara mbeidh na tinte cnámh á lasadh ag deireadh Lúnasa…'