Baineann na páistí i bhfad níos mó spraoi as an tSamhain ná mar a bhainimse

Tá maisiú an tí aimsir na bhféilte ligthe amach ar fochonradh leis na gasúir agam le roinnt mhaith blianta anois

Baineann na páistí i bhfad níos mó spraoi as an tSamhain ná mar a bhainimse

‘Cuimhneoidh tú an púca mór a chrochadh amach Mamaí,’ a mheabhraigh an Bheainín dom agus í ar a bealach amach an doras ag an scoil. Tá ’crochadh amach an phúca’ curtha le mo liosta dualgais mhaidine anois ó thosaigh comórtas mór na Samhna 2021 agus muid san iomaíocht le tithe eile na sráide.

Agus mé amuigh ag streachailt leis an gcrúca amuigh ar an mballa tosaigh ag iarraidh an púca bréagach a cheangal leis – ‘You’ll definitely scare the pookies away with that!’ a deir fear a bhí ag dul thar bráid liom.  Is maith ann an méid sin, is dóigh.

Bhí dearmad déanta agam go raibh mála lán le maisiúcháin Shamhna sáite isteach i gcúl an phriosa te anuraidh agam agus é i gceist agam iad a chur chun bealaigh i gceart lá eicínt eile.

Nach sciobtha a d’imigh an bhliain sin tharainn agus é in am iad a tharraingt amach arís cheana féin. Chuir sé iontas orm nuair a shiúil mé amach sa halla an lá cheana is chonaic lán an mhála scaipthe amach ar an urlár ag na gasúir.

‘Ó, bhí dearmad déanta agamsa orthu sin,’ a dúirt mé.

‘Chuimhnigh muide orthu Mamaí,’ a deir siad agus fiabhras na Samhna orthu, ‘breathnaigh, tá na damháin alla ar fad a rinne muid anuraidh fós ann!’

Tá maisiú an tí aimsir na bhféilte ligthe amach ar fochonradh leis na gasúir agam le roinnt mhaith blianta anois.

Chomh luath is a bhí siad in ann seasamh suas agus ornáid a ghreamú den bhalla le téip shocraigh mé go bhfágfainn na maisiúcháin fúthusan. B’fhéidir go mbeifeá ag bualadh do chloiginn in aghaidh sciathán leathair plaisteach chuile uair a d’éireodh tú den chathaoir, nó go mbeadh an iomarca blaoscanna scaipthe ar fud an tí, ach is fiú é.

Baineann siad i bhfad níos spraoi as ná mar a bhainimse, (is é sin le rá nach mbainim aon spraoi as), bíonn fís chruthaitheach acu is tuairimí láidre faoin gcur chuige is fearr gach bliain, rudaí nach bhfuil agamsa.

‘Níl cuma ná caoi ar fhuinneog s’againne, Mamaí!’ a deir an Bheainín go díomách agus í ina seasamh thall ar an taobh eile den bhóthar ag breathnú anonn ar na maisiúcháin Shamhna a bhí díreach crochta sa bhfuinneog acu. Bhí an fhuinneog líonta le cruthanna beaga glóthacha ar théama na Samhna, cat dubh anseo, cailleach ansiúd.

‘Feictear domsa go bhfuil cuma an-deas ar an bhfuinneog,’ a deir mé léi, ‘tá an-jab déanta agaibh.’

Bhreathnaigh sí ar chlé ón teach s’againne agus bhreathnaigh sí ar dheis ar thithe na gcomharsan. ‘Mamaí, breathnaigh chomh hiontach is atá na maisiúcháin acusan, caithfidh muid tuilleadh púcaí a fháil.’

Bhí amhras orm an mbeadh aon chuid de sholas an lae in ann a theacht isteach sa teach tríd an bhfuinneog dá gcuirfí tada eile inti.

Is cóir dom a rá go bhfuil na comharsana atá againne ar an dá thaobh an-mhaith ag maisiúchán n Samhna.

‘Tá an comórtas an-ghéar i mbliana!’ a mhínigh sí dom.

‘Ní comórtas é,’ a deir mé. ‘Féadfaidh siadsan a gcuid maisiúchán a bheith acu agus beidh maisiúcháin againne is tá chuile dhuine ag baint sásaimh astu. Níl aon chall dúinn a bheith san iomaíocht lena chéile.’

‘Tá brón orm Mamaí, ach ní hin é an chaoi a n-oibríonn sé,’ a deir sí.

Fág freagra ar 'Baineann na páistí i bhfad níos mó spraoi as an tSamhain ná mar a bhainimse'