Baineann go leor cur i gcéill leis na smachtbhannaí atá á gcur ar an Rúis

Is muide a íocfas as an mórtas tóin gan taca seo i dtaobh na smachtbhannaí

Baineann go leor cur i gcéill leis na smachtbhannaí atá á gcur ar an Rúis

De réir na bhfigiúirí is deireanaí tá an ráta boilscithe ag 5.7%, ach tá baol soiléir ann go bhféadfadh an ráta sin dúbailt i bhfianaise na n-arduithe ar chostas breosla is bia atá ar na bacáin.

Deir RTÉ linn go bhfuil na harduithe seo ann mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is cuid den scéal é, cinnte, sa mhéad is go bhfuil laghdú ar líon na cruithneachta a thiocfaidh as an tír sin anois, ach baineann na harduithe is mó, go háirithe maidir le praghas breosla, leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm ar an Rúis.

Deir lucht molta na smachtbhannaí go raibh gá leo le pionós a chur ar an Rúis mar gheall ar an ionradh agus brú a chur uirthi éirí as an ionradh agus tarraingt siar.

Ach is mó i bhfad an drochthionchar a bheidh ag na smachtbhannaí orainne, is ar an Eoraip i gcoitinne, ná mar a bheidh acu ar an Rúis féin. Tá an Rúis ag ullmhú do chóras smachtbhannaí ó 2014, agus tá siad muiníneach go mbeidh siad in ann an fód a sheasamh.

Beidh tionchar áirithe acu ar an Rúis ar ndóigh, mar beidh béim ar a bpolasaí trádála a aistriú ar fad ón Iarthar is ón Eoraip go dtí an tOirthear is an Áise. Ach tá sé sin ar siúl acu le tamall, agus maolóidh sin tionchar na smachtbhannaí ón Iarthar.

Tá an Rúis neamhthuilleamaíoch ar ndóigh maidir le fuinneamh is bia, is tá raon mór margaí oscailte dóibh i gcónaí ar fud an domhain. Tá an Phacastáin, mar shampla, i ndiaidh conradh a lorg le dhá mhilliún tonna cruithneachta a cheannach; tá conradh nua 30 bliain i dtaobh gás a cheannach sínithe ag an tSín; agus tá conradh deich mbliana á lorg ag an Ungáir le gás a fháil ar phraghas atá cúig uaire níos lú ná praghas na hEorpa.

Ní eisceachtaí iad na scéalta seo. Cinnte, tá domhan an Bhéarla, an Eoraip, Meiriceá Thuaidh, an Astráil is an Nua-Shéalainn aontaithe taobh thiar de na smachtbhannaí. Ach san Áise ar fad, níl ach ceithre stát – an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Singeapór agus an Téaváin (ar cúige den tSín i gceart é ach é faoi smacht na Meiriceánach go sealadach) – ag tacú leis na smachtbhannaí.

Tá an chluas bhodhar á tabhairt ag an gcuid eile de thíortha na hÁise –an India, an Phacastáin, an Mhalaeisia, an Indinéis is eile –d’éileamh na Meiriceánach. Ar ndóigh, is mó i bhfad an trádáil a bhíonn ar siúl acu siúd leis an tSín agus leis an Rúis ná mar a bhíonn ar siúl acu leis na Stáit Aontaithe.

Níl aon tacaíocht do na smachtbhannaí san Afraic, sa Mheánoirthear nó sa chuid is mó de Mheiriceá Theas, fiú i measc chomhghuaillithe Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Taobh amuigh de sin uilig, tá sé ráite arís agus arís eile ag saineolaithe áirithe nach ndéanfaidh na smachtbhannaí aon difear. Ní chuirfidh siad brú ar bith ar an Rúis tarraingt siar. Mar sin céard is fiú iad nuair is mó an dochar a dhéanann siad dúinne ná don namhaid? (Glacaim leis, cé nach bhfuilim féin ar an tuairim chéanna, go mbreathnaíonn formhór mhuintir na hÉireann ar an Rúis mar namhaid.)

Luaitear go minic na holagarcaí.

Creideann na polaiteoirí go gcuirfidh an dream sin brú ar Putin mar go mbeidh a saibhreas féin i mbaol.

Ach, mar a mhínigh Olga Chyzh, ollamh in Ollscoil Toronto, níl aon chumhacht pholaitiúil ag na holagarcaí céanna. A mhalairt, tá siadsan ag brath go huile is go hiomlán ar an stát, is gach uair ar chuir duine ar bith díobh isteach ar pholaitíocht an stáit baineadh a gcuid saibhris uathu.

Ar ndóigh, ní hé Putin a d’oscail an doras do na holagarcaí, ach Boris Yeltsin, peata an Iarthair. Ligeann Putin dóibh an saibhreas a ghoid siad ón stát a choinneáil (polasaí a cháineann an Páirtí Cumannach sa Rúis go géar) ach is é Putin an máistir agus bíonn na holagarcaí ag freastal air is ar na polasaithe eacnamaíochta atá ag teastáil uaidh.

Ina theannta sin, ní chuirfidh sé as do phobal na Rúise trí chéile má ionsaítear na holagarcaí mar tá an deargghráin, ceapaim, ag an gcuid is mó de mhuintir na Rúise ar an dream céanna.

Mar a tharlaíonn chuir na holagarcaí an saibhreas a ghoid siad thar lear ag ceapadh go mbeadh sé níos sláine ansin. Ach anois tá brú orthu é a chur ar ais go dtí an Rúis, rud a bhí á iarraidh ag Putin le fada.

Is cosúil go mbeidh an tionchar céanna ag na smachtbhannaí is a bheadh ag polasaí cosantaíoch eacnamaíochta– is é sin tionsclaíocht a spreagadh sa bhaile.

Ach is muidne a íocfas an praghas as an gcur i gcéill agus as an maíomh folamh seo i dtaobh na smachtbhannaí.

Fág freagra ar 'Baineann go leor cur i gcéill leis na smachtbhannaí atá á gcur ar an Rúis'

  • Indrek

    Is é an aidhm atá ag na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm an AE an babhta seo ná gan táirgí ardteicneolaíochta a dhíol leis an Rúis, is é sin go háirithe táirgí a chuirfeadh ar a cumas di tuilleadh arm a tháirgeadh le cogadh a chur ar an Ucráin agus ar thíortha nach í. Anuas air sin, tá mórbhancanna na Rúise caite amach as córas SWIFT agus na hacmhainní atá ag Banc Ceannais na Rúise thar lear gafa, rud atá ag goilliúint ar an tír go mór cheana féin. Maidir leis an mbreosla agus leis an ngás, an ceart dúinn a bheith ag clamhsán faoin ardú atá ar a bpraghas agus muintir na hUcráine fágtha gan dídean, gan uisce, gan bhia agus iad á buamáil gan trócaire ag an Rúis? Go deimhin, ba chóir dúinn éirí as an dá tháirge sin a cheannacht ón Rúis a luaithe agus is féidir nó ag tacú leis an ionsaitheoir a bheas muid.