Baineann déine agus fiántas le rásaíocht capall Mheiriceá

Sna Stáit Aontaithe níl an choróin thriarach buaite ach ag trí chapall déag le 150 bliain

Baineann déine agus fiántas le rásaíocht capall Mheiriceá

Big Brown, a bhuaigh an Kentucky Derby in 2008. Pictiúr: INPHO/GETTY IMAGES

I lár na hoíche aréir a chríochnaigh an Kentucky Derby, an rás capaill is cáiliúla sna Stáit Aontaithe. Maithfidh sibh dom é gur rug an codladh orm agus nár fhéad mé fanacht i mo dhúiseacht go dtabharfainn toradh na hiomaíochta díbh.

Is gnách gur ar an Satharn is túisce de Bhealtaine a ritear an rás atá ar bun ó 1875 agus a mbíodh suas le 165,000 i láthair aige gur chuir an Covid srian leis sin anuraidh, tráth nár ritheadh go Fómhar é. B’in rud nár tharla le linn an Spealadh Mór sna Státaí sna 1920idí, ná fiú tar éis ionsaí Pearl Harbour.

Beagán os cionn 45,000 a bhí i láthair aréir – a leath acu sin suite i seastáin agus an chuid eile i lár pháirc na rásaí, áit nach bhfuil feiceáil dá laghad ar an iomaíocht. Fós bíonn na scórtha mílte ansiúd de ghnáth ag ragairne agus $80 an duine íoctha acu ar chead isteach.

Maidin inné bhí roinnt ticéid seastáin le fáil ar $600 agus suas le $20,000 le n-íoc ar an gceann ‘corparáide’ ba chostasaí.

Bheadh beatha níos galánta le fáil ansiúd ná an ‘Burgoo’ agus an ‘Mint Julep’ a bhíonn an chosmhuintir a shlogadh i gceartlár Churchill Downs agus iad suite ar chathaoireacha agus ar stólta a thugadar leo – strúisín nó stobhach tiubh ina mbíonn muiceoil, mairteoil, sicín agus glasraí is ea an burgoo agus bourbon, miontas agus síoróip siúcra atá sa deoch.

Fad míle agus ceathrú atá i gceist sa rása a ritear ar raon cré seachas ar an bhféar. Sin freisin an scéal ag an Belmont agus ag an Preakness Stakes, an dá rása eile is cáiliúla sna Státaí. Tugtar an ‘Choróin Thriarach’ ar na trí cinn le chéile agus trácht go deo le bheith ar aon each a dhéanann an gaisce.

Tá an dá rás eile níos sine fiú ná an Derby. Fós le hionann is 150 bliain níl an choróin buaite ach ag trí chapall déag. Tá seans ann gur chuala fiú an chuid agaibh nach bhfuil suim soip sa spórt seo agaibh ainm an chapaill Secretariat a rinne sin i 1973. Aigesean atá an churiarracht in Kentucky – 1 nóiméad 59 soicind, sa gcoimhlint a dtugtar ‘The Most Exciting Two Minutes in Sports’ air i Meiriceá.

Is é an Derby freisin an ceann is luachmhaire de na trí cinn – duaischiste $3 mhilliún as i mbliana, beagnach 75% de sin ag dul d’úinéir an bhuaiteora, capall a leagtar pluid ina bhfuil 554 de rósanna dearga ar a dhroim nuair a bhíonn an gaisce déanta aige.

Nó aici…mar bíonn cead iomaíochta freisin ag láireoga trí bliana chomh maith leis na bromaigh den aois sin. Trí láireog a bhfuil an rás tugtha leo acu. Fuair an ceann is deireanaí acu Colors (1988) greim ar an gCoróin freisin, ach táthar ag fanacht fós go mbuafaidh marcach ban.

Táthar ag fanacht freisin go ndéanfaidh capall atá á t(h)raenáil sa mBreatain nó in Éirinn an gaisce. Seo rud a ndéanann na Poncánaigh mórtas go leor as agus a fhágann iad den tuairim go bhfuil pór a gcuid capall féin agus a gcuid modhanna traenála i bhfad chun cinn ar an gcuid eile den domhan.

Ní nach ionadh, sin rud a chuireann airde cantail ar dhaoine anseo agus sna tíortha Arabacha, go háirithe nuair a deirtear lena chos sin gur beag an mhaith atá déanta sa rása ag capaill nach sna Státaí a saolaíodh iad.

Is deacair sin a shéanadh. Bhuaigh ceann a rugadh sa Veiniséala an Kentucky Derby leathchéad bliain ó shin agus bhí Bold Arrangement a caitheadh ar an sop i Sasana sa dara háit i 1986, ach sin eile.

Ní hé nach bhfuil an dúshlán freagartha.

Trí bliana ó shin chuir Aidan O’Brien an capall Mendelssohn go Kentucky agus é lán dóchais. I Derby na nEimíríochtaí bhí 19 fad capall idir Mendelssohn agus an capall a chríochnaigh sa dara háit agus an bhliain roimhe bhí rása de chuid an Breeders Cup buaite aige i Del Mar i gCalifornia.

Aidan O’Brien, an marcach Ryan Moore agus Mendelssohn. Pictiúr: INPHO/Tom Beary

Maolchluasach go maith a tháinig an Brianach abhaile as Kentucky, áit ar chríochnaigh a chapall san áit dheireanach, ar thraic a raibh trí horlaí báistí súite aige le 24 uair roimhe sin.

Ó shin tá sé admhaithe ag an traenálaí go hoscailte nach raibh seisean, a chapall ná a mharcach Ryan Moore ullmhaithe ná cleachta ar an déine ná ar an bhfiántas a bhaineann le rásaíocht Mheiriceá.

Ansiúd tá do chnaipe déanta má tá orlach féin caillte agat ar fhágáil an stalla duit ag tús an rása.

Blas ar bith go raibh sin déanta ag Mendelssohn in 2018 nuair a bhuail capall eile faoi agus bhí cúpla toraic mhaith eile faighte aige agus timpeall amháin déanta. Agus puiteach ag dul go haer ba dheacair staidéar ar bith a ghlacadh. Luath go maith a thuig an marcach go raibh a shop séidte agus ba é a chríonnacht a rinne sé nuair a thug Moore cead sodair dó, gan aon bhrú mór a chur air.

D’fhan an capall sna Státaí, áit ar rith sé cúig rása eile. Cé nár bhuaigh sé ceachtar acu bhí sé gaibhte i dtaithí ar stíl na tíre sin agus i bhfad níos fearr ná a bhí sé sa Derby.

I dtús mhí na Nollag 2018 fógraíodh é a bheith ina stail ghraíre san Ashford Stud atá faoi úinéireacht Coomore in Versailles Kentucky, trí scór míle (103km) as Louisville, áit a mbíonn an Derby ar siúl.

Ós rud é gur chuir tú an cheist, $35,000 an táille a bhaineann lena chuid oibre, – é thar a bheith sásta go bhfuil sin níos glaine agus níos taitneamhaí ná bheith go rúitín sa bpuiteach agus staileanna agus láireoga pramsacha do do bhrú fúthu agus tharstu.

Fág freagra ar 'Baineann déine agus fiántas le rásaíocht capall Mheiriceá'