Baineann beagnach gach cás nua den choróinvíreas le hionaid chúraim agus oibrithe sláinte

Tá an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim agus é sin amhlaidh le seachtain

Baineann beagnach gach cás nua den choróinvíreas le hionaid chúraim agus oibrithe sláinte

Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Is ar éigean go bhfuil aon chás nua den choróinvíreas á dheimhniú anois i measc an phobail seachas i gcás oibrithe sláinte agus daoine i dtithe altranais agus in ionaid chúraim eile.

Thug an Príomh-Oifigeach Leighis Tony Holohan an méid sin le fios tráthnóna inné agus na figiúirí is déanaí maidir leis an ráig Covid-19 á bhfógairt ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Dúirt sé gur bhain formhór mór an 137 cás nua den ghalar a fógraíodh le hionaid chúraim nó tithe altranais.

115 cás nua sna hionaid chúraim a fógraíodh innéi gcomparáid leis an lá roimhe.

Dúirt an Dr Holohan nach rabhthas ag súil go dtiocfadh aon athrú ar líon na gcásanna i measc an phobail de réir mar a bheidh lorg na n-athruithe ar na critéir tástála le feiceáil.

Ó tháinig na hathruithe i bhfeidhm an tseachtain seo tá níos mó daoine i dteideal tástáil a fháil feasta.

Cuireadh na dochtúirí teaghlaigh ar an eolas go mbeidh tástáil ar fáil feasta do dhaoine nach bhfuil sna grúpaí ardriosca ach a bhfuil comhartha amháin ar a laghad den víreas orthu – casacht gan choinne, fiabhras nó giorra anála.

Léirigh na figiúirí is déanaí go bhfuil ag éirí leis an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris de réir na slat tomhais go léir atá ag na húdaráis, seachas droch-chás na n-ionad cúraim.

Dúirt an Dr Holohan go raibh an coróinvíreas curtha faoi chois againn ach go gcaithfí cloí leis na beartais slándála le cinntiú nach n-imeodh an galar ó smacht.

“Tá an uimhir atáirgthe/scaipthe idir 0.5 and 0.6. Tá an aidhm a bhí againn, scaipeadh an ghalair a chosc, bainte amach againn. Níl sé éasca d’aon duine ach níl dabht dá laghad ann ach gur shábháil an iarracht a rinneamar ar fad beatha daoine.

“Coinneoimid súil anois ar phatrún COVID-19 feasta agus muid ag iarraidh na srianta a mhaolú. Tá an seachtainí seo chomh tábhachtach céanna leis na chéad seachtainí den fheachtas. Tá ár n-iompar fíorthábhachtach chun an dul chun cinn atá déanta againn a chosaint agus an uimhir scaipthe a choinneáil faoi 1.”

Tá na hionaid chúraim fós buailte go dona ag an aicíd, áfach.Bhí baint éigin le hionad cúraim ag 880 den 1,403 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 62.7%. Ardú eile a bhí ansin ar lá roimhe nuair a fógraíodh gur 857 bás a bhain leis na hionaid chúraim. Bhain 761 den 880 bás, nó 54.2% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

De réir na slat tomhais eile, tá ag éirí leis na srianta a tugadh isteach chun an galar a choinneáil faoi chois agus chun a chinntiú nach dtiocfadh róbhrú ar an gcóras sláinte. 

Maidin inné, 76 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna haonaid dianchúraim ó dheas, deichníur níos lú ná mar a bhí iontu inné agus níos lú othar ná mar a bhí in ICU aon lá ó tháinig na srianta isteach ag deireadh mhí an Mhárta.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh líon na gcásanna nua den ghalar ag laghdú den chéad uair ó thús na ráige. Laghdú nach mór 10% a bhí ag teacht ar líon na gcásanna deimhnithe nua in aghaidh an lae, a dúirt sé.

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair Covid-19 tite go dtí idir 0.3-0.8. Tá roinnt slat tomhais á n-úsáid chun ráta atáirgthe nó ráta scaipthe an ghalair a mheas agus bunaithe orthu go léir tá an ráta anois go seasmhach ag 0.5-0.6.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Chomh maith leis sin, laghdaigh líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá á gcur san ospidéal agus sna haonaid dianchúraim faoina leath le seachtain. Timpeall 40 duine a bhí á gcur san ospidéal gach lá an tseachtain seo caite ach thart ar fiche atá i gceist an tseachtain seo. Duine nó beirt othar sa lá atá á gcur sna haonaid dianchúraim i gcomparáid le 4-6 an tseachtain seo caite.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan:

“Tá an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim agus é sin amhlaidh le seachtain. Tá sé sin ag tarlú toisc go bhfuil scaipeadh an víris sa phobal laghdaithe agus léiríonn sé sin a thábhachtaí agus a bheidh ár n-iompar uaidh seo amach.”

Dúirt Nolan, áfach, go mbeadh na mílte cás arís ann dá n-ardódh ráta scaipthe an ghalair ag 1.6% arís, an ráta a bhí ann nuair a tugadh na beartais dianghlasála isteacht ag deireadh mhí an Mhárta.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster inné gur idir 0.8 agus 0.9 a bhí ráta scaipthe an ghalair ó thuaidh den teorainn. Ní fhéadfaí dá bharr, a dúirt Foster, tosú ar na srianta dianghlasála a scaoileadh. Dúirt sí go mbeadh na srianta i bhfeidhm go ceann trí seachtaine eile, cé go mb’fhéidir go ndéanfaí corrleasú beag orthu an tseachtain seo chugainn.

De réir figiúirí nua a d’fhoilsigh an Roinn Sláinte ó thuaidh bhí ráig den ghalar i 75 ionad cúraim sna sé chontae.

De réir eolais a fuair BBC News bhásaigh 14 duine a raibh Covid-19 orthu in aon teach altranais amháin, Ringdufferin Nursing Home i gCill Ó Laoch i gcontae an Dúin.

Fág freagra ar 'Baineann beagnach gach cás nua den choróinvíreas le hionaid chúraim agus oibrithe sláinte'