‘Bain sult as, ach ná bí ag taisteal barraíocht ar eitleáin’ – ceannaire aerlíne

Más mall is mithid: tá iarrachtaí á ndéanamh ag aerlínte agus comhlachtaí farantóireachta srian a chur le haschur CO2 a gcuid eitleán agus bád

‘Bain sult as, ach ná bí ag taisteal barraíocht ar eitleáin’ – ceannaire aerlíne

‘Bain sult as, ach ná bí ag taisteal barraíocht ar eitleáin.’ 

Sin é a bhí le rá an tseachtain seo caite ag, creid é nó ná creid, uachtarán na haerlíne KLM, Pieter Elbers. I bhfianaise an dochar a dhéanann aerthaisteal don timpeallacht, tá tús curtha ag an aerlíne ón Ísiltír le feachtas dar teideal ‘Fly responsibly’.

‘Táimid ag iarraidh a bheith páirteach sa chomhrá [faoi chúrsaí aerthaistil],’ a dúirt Elbers sa nuachtán Ísiltíreach Trouw. ‘An gá bualadh lena chéile aghaidh ar aghaidh? An bhféadfaí an traein a thógáil in ionad an eitleáin? Agus más gá eitleán a thógáil, cén chaoi a bhfeadfá sin a dhéanamh ar bhealach a dhéanann a laghad dochair agus is féidir?’

Tuairimí nach mbeifeá ag súil leo, seans, ó bhéal duine atá i gceannas ar aerlíne. Ach i bhfianaise na náire aerthaistil atá ag teacht ar a thuilleadh is a thuilleadh daoine i dtíortha ar nós na hÍsiltíre agus (go háirithe) na Sualainne, níl rogha ag aerlínte sna tíortha sin ach dul i ngleic le ceisteanna timpeallachta d’fhonn a n-íomhá a fheabhsú. Tá infheistíocht mhór déanta ag KLM, mar shampla, i monarcha bithbhreosla atá á tógáil i dtuaisceart na hÍsiltíre. Cuirfidh an mhonarcha sin breosla ar fáil d’eitleáin na haerlíne ó 2022 ar aghaidh agus beidh laghdú 85% ar aschur CO2 na n-eitleán a bhainfidh úsáid as.

Ní hiad na haerlínte amháin atá ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna timpeallachta. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag go leor comhlachtaí farantóireachta srian a chur lena n-aschur CO2. Tá báid a fheidhmeoidh go hiomlán ar leictreachas nó ar mheascán de leictreachas agus breosla ordaithe ag roinnt mhaith comhlachtaí farantóireachta i gCríoch Lochlann agus tá bád farantóireachta a fheidhmíonn ar ghás nádúrtha leachtaithe ach a bhfuil seol ollmhór rótair air freisin in úsáid ag an gcomhlacht Viking Line as an bhFionlainn le roinnt blianta anuas. Sábhálann an ghaoth sa seol rótair seo 900 tona aschur CO2 in aghaidh na bliana.

Is baolach nach mbeidh ar chumas na gcomhlachtaí farantóireachta ar Mhuir Éireann sampla na gcomhlachtaí i dtuaisceart na hEorpa a leanacht agus úsáid a bhaint as gás nádúrtha leachtaithe (nach ndéanann oiread dochair don timpeallacht agus a dhéanann an gnáthbhreosla díosail) go dtí go mbeidh córas a sholáthródh an gás sin ar fáil in Éirinn. Ba é sin ceann de na príomhfháthanna, mar a mhínigh stiúrthóir bainistíochta Irish Ferries Andrew Sheen le déanaí, gur ar ghnáthbhreosla díosail a fheidhmíonn an W.B. Yeats. Chuaigh an W.B. Yeats, long nua an chomhlachta sin, i mbun seirbhíse i dtús na bliana seo agus ar an ola thruaillitheach chéanna a fheidhmeoidh innill a comhloinge, atá á tógáil sa Ghearmáin faoi láthair.

Fág freagra ar '‘Bain sult as, ach ná bí ag taisteal barraíocht ar eitleáin’ – ceannaire aerlíne'