Baill óga Fhine Gael ag súil le ‘hathrú bunúsach’ sa pháirtí i leith na Gaeilge

Tá Coiste na Gaeilge bunaithe ag Ógra Fhine Gael chun ‘fíorathrú’ a dhéanamh i bhFine Gael i dtaobh na Gaeilge de

Baill óga Fhine Gael ag súil le ‘hathrú bunúsach’ sa pháirtí i leith na Gaeilge

Tá Coiste na Gaeilge curtha ar bun ag Ógra Fhine Gael, cumann bhaill óga an pháirtí. Bunaíodh an Coiste mar thoradh ar rún, a ritheadh ag comhdháil Náisiúnta Ógra Fhine Gael, go mbunófaí Coiste Gaeilge agus go mbeadh comhoibriú níos mó ar siúl idir baill óga an pháirtí agus eagraíochtaí Gaeilge.

Tá sé i gceist ag Coiste na Gaeilge an teanga “a chur chun cinn” in Ógra Fhine Gael agus sa pháirtí féin, naisc a chruthú le heagraíochtaí Gaeilge agus polasaithe i leith na teanga a phlé.

Dúirt Michael Ward, leasUachtarán Ógra Fhine Gael go léiríonn bunú an Choiste nua seo go bhfuil an eagraíocht “paiseanta faoin nGaeilge” agus go bhfuil an spéis ann taobh istigh den pháirtí úsáid na teanga “a spreagadh agus a threisiú”.

Toghadh an Coiste nua ag cruinniú a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le deireanas. Tá cúigear ar Choiste na Gaeilge Ógra Fhine Gael agus feidhmeoidh an leasuachtarán agus Clodagh Ní Mhuirí, Eagraí Réigiúnach Átha Cliath, mar idirghabhálaithe leis an gCoiste Gnó Náisiúnta.

“Bhí an coiste seo ag teastáil sa pháirtí agus tá obair an choiste tosaithe. Tá an-chuid smaointe againn, agus ba mhaith linn fíorathrú a dhéanamh i bhFine Gael agus in Ógra Fhine Gael i dtaobh na Gaeilge de,” a dúirt Jeff Johnston, cathaoirleach an Choiste.

Thacaigh Ógra Fhine Gael le polasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh in 2011. In 2015, ritheadh rún ag Comhdháil Náisiúnta Ógra Fhine Gael ag tacú le hábhar éigeantach Gaeilge sa Ardteist a dhíreodh ar scileanna cumarsáide agus ábhar eile a dhíreodh ar chúrsaí litríochta agus stair na teanga, polasaí atá ag teacht le polasaí Chonradh na Gaeilge ar an ábhar sin.

Cé go bhfuil cuid den suíomh idirlín www.yfg.ie i nGaeilge, ní luaitear an Ghaeilge in aon pholasaí eile de chuid an pháirtí óige.

Fág freagra ar 'Baill óga Fhine Gael ag súil le ‘hathrú bunúsach’ sa pháirtí i leith na Gaeilge'

  • Pól Réamonn

    Is cam é