Baill na comh-aireachta nua fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar

Tá Joe McHugh le filleadh ar Roinn na Gaeltachta mar Aire Stáit agus é ceaptha freisin mar Phríomh-Aoire an Rialtais

Baill na comh-aireachta nua fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar

Tá baill na comh-aireachta nua fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar agus ardú céime tugtha chuig bord an Rialtais aige do thriúr airí stáit – Michael Ring (An Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe), Eoghan Murphy (An Roinn Tithíochta, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil), agus Regina Doherty (An Roinn Coimirce Sóisialaí).

Tá ísliú céime tugtha don Aire Post agus Fiontar Mary Mitchell-O’Connor agus í le ceapadh mar Aire Stáit don Ardoideachas. Beidh cead aici freastal ar chruinnithe Rialtais ach gan cead vótála ag na cruinnithe sin aici.

Tá Joe McHugh le filleadh ar Roinn na Gaeltachta mar Aire Stáit agus é ceaptha freisin mar Phríomh-Aoire an Rialtais.

Beidh McHugh mar “ghlór don chéad teanga náisiúnta ag Bord an Rialtais”, a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar.

Agus a chomh-aireacht á fógairt aige, dúirt an Taoiseach go raibh béim leagtha d’aon ghnó aige ina chuid cainte ar fhreagracht McHugh as an nGaeilge seachas a fhreagracht i dtaobh na Gaeltachta.

Beidh dualgas ar leith air an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre seachas a bheith teoranta ina chuid oibre do chúrsaí Gaeltachta amháin, a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar.

Idir an dá linn, tá dhá leath déanta den Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltacht. Beidh Heather Humphreys ina hAire sinsearach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Michael Ring freagrach as gnóthaí tuaithe sa roinn nua.

Tá Paschal Donohue ceaptha ina Aire Airgeadais agus ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá Frances Fitzgerald athcheaptha mar Thánaiste agus í aistrithe ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chuig an Roinn Post agus Fiontar.

Charlie Flanagan atá roghnaithe mar chomharba uirthi sa Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe. 

Tá Leascheannaire nua Fhine Gael, Simon Coveney le bheith ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus freagracht ar leith air maidir leis an mBreatimeacht.

Fanfaidh Airí eile de chuid Fine Gael sna haireachtaí a bhí acu roimhe seo; Michael Creed (Talmhaíocht), Simon Harris (Sláinte) agus Richard Bruton (Oideachas agus Scileanna).

Fanfaidh na hairí sinsearacha neamhspleácha Shane Ross (Iompar, Turasóireacht agus Spórt), Katherine Zappone (Leanaí agus Óige) agus Denis Naughten (Cumarsáid, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil) sna ranna céanna a bhí faoina gcúram.

Tá an t-abhcóide sinsearach Seamus Woulfe ainmnithe mar Ard-Aighne.

Beidh cead freastal ar chruinnithe rialtais ag Joe McHugh agus Mary Mitchell- O’Conner agus ag an Aire Stáit Cosanta, Paul Kehoe agus an t-Aire Stáit Finian McGrath atá freagrach as seirbhísí do dhaoine le míchumas.

Fág freagra ar 'Baill na comh-aireachta nua fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar'