An ruaig curtha ag na Gardaí ar lucht agóide a rinne iarracht ‘seilbh’ a ghlacadh ar Roinn na Gaeltachta

Cuireadh fios ar na Gardaí inniu nuair a d'eagraigh baill den ghrúpa Misneach agóid suí i Roinn na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath. Cuireadh an agóid ar bun chun aird a tharraingt ar éileamh an ghrúpa go ndéanfaí 'athrú ollmhór' ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2016

An ruaig curtha ag na Gardaí ar lucht agóide a rinne iarracht ‘seilbh’ a ghlacadh ar Roinn na Gaeltachta

Rinne baill den eagraíocht Misneach iarracht tráthnóna seilbh a ghlacadh ar oifigí na Roinne Gaeltachta i mBaile Átha Cliath. Chuaigh baill de chuid na heagraíochta isteach sna hoifigí ar Shráid Chill Dara i lár na cathrach i ndiaidh 2pm inniu agus d’fhan ann ar feadh 20 nóiméad nó gur ruaig na Gardaí amach as an áit iad. Deichniúr ar fad a bhí páirteach san agóid.

Chuir baill Misneach agóid ar bun ina dhiaidh sin taobh amuigh de cheannáras na Roinne ar Shráid Chill Dara.

Thug urlabhraí de chuid na heagraíochta le fios do Tuairisc.ie go ndeachaigh baill Misneach isteach sna hoifigí agus é ar intinn acu “seilbh a ghlacadh” orthu mar agóid i gcoinne pholasaí teanga an Stáit agus chun aird a tharraingt ar na figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tseachtain seo caite a léiríonn go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.

Léirigh na figiúirí sin gur tháinig titim thubaisteach ar líon na ndaoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge ar bhonn laethúil i gceantair Ghaeltachta na tíre le cúig bliana anuas. Titim 11% a bhí i gceist ar fud na Gaeltachta ar fad, ach bhí titim os cionn 20% i gceist i gceantair áirithe.

“Ba chóir go mbeadh náire ar Rialtas na hÉireann agus ar Roinn na Gaeltachta as an bhfaillí mhillteanach atá déanta acu ar an nGaeltacht le blianta fada. Shílfeá, de réir mar a théann an éigeandáil shóisialta, eacnamaíochta, theangeolaíochta agus phobail in olcas sa Ghaeltacht gur amhlaidh is lú suim a bhíonn ag polaiteoirí agus feidhmeannaigh stáit inti,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta.

Dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie go raibh baill Misneach istigh sna hoifigí ar feadh tuairim agus 20 nóiméad sular chuir na Gardaí an ruaig orthu. Mhaígh urlabhraí Misneach go raibh achrann ann idir ball amháin den eagraíocht agus ball foirne de chuid na Roinne mar gheall ar bhall de chuid Misneach a bheith ag taifeadadh na heachtra ar fhón póca.

Mhaígh an t-urlabhraí go raibh an t-achrann idir an ball foirne agus an ball de Misneach ar bun nuair a tháinig na Gardaí ar an láthair.

Dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie gur cuireadh agóid eile ar bun taobh amuigh d’oifigí na Roinne nuair a cuireadh an ruaig ar bhaill an bhrúghrúpa. Bhí sé “róluath fós” a rá cé acu an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh an grúpa iarracht eile “seilbh a ghlacadh” ar na hoifigí, a dúirt sé.

Tá Misneach ag éileamh acmhainní breise don Ghaeltacht agus go n-éireodh an rialtas as “an bhfaillí” i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.

“Éilíonn muide i Misneach acmhainní i bhfad níos suntasaí ná seo, mar aon le filleadh ar an mbuiséad a bhí ag an Údarás [na Gaeltachta] in 2008, mar atá déanta leis an IDA agus le Fiontraíocht Éireann. Éilíonn muid freisin, go stadfadh an rialtas den fhaillí i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus go ndéanfaí gníomh éifeachtach anois láithreach le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú,” a dúradh.

Dúirt urlabhraí thar ceann na Roinne nár chuir “an agóid isteach ar obair na Roinne”.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an nGarda Síochána faoin scéal seo.

Fág freagra ar 'An ruaig curtha ag na Gardaí ar lucht agóide a rinne iarracht ‘seilbh’ a ghlacadh ar Roinn na Gaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Maith sibh! Níos mó do seo a dhith! Taobh amuigh d’oifigí achan ionadaí poiblí Gaeltachta fosta – agus iad siúd a bhfuil freagrachtaí Gaeltachta orthu! Mo náire iad! Níl siad ábalta a gcuid sonraí teagmhála a thabhairt i nGaeilg ar a gcuid páipéarachas agus comhfreagrais leictreonach! Sonraí a fheiceann achan duine agus a spreagfadh daoine le aird a thabhairt ar ár dteangaidh dúchais. Iad siúd a bhíonn ag clamhsán agus ag cur i gcéill ar na meáin Gaeilge agus Gaeltachta ach a imíonn agus a dhéanann a gcuid obire leis an stáit i mBÉARLA ‘thar ceann saoránaigh na tíre’. Náireach amach is amach!

  • S

    Maith sibh! Baill ó Dhia ar na hUltaigh, is sibh atá sásta seasamh suas in aghaidh na bunaíochta. Teachtaireacht an-simplí an-soiléir … coinnigí suas é.