Baill an choiste a ullmhóidh plean earcaíochta nua an stáit don Ghaeilge fógartha

Triúr ban agus ochtar fear atá roghnaithe ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge

Baill an choiste a ullmhóidh plean earcaíochta nua an stáit don Ghaeilge fógartha

Tá baill an choiste atá le plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú d’fhonn cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí fógartha ag an Rialtas.

D’fhógair Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, inniu an 11 ball a bheidh ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Triúr ban agus ochtar fear atá roghnaithe ar an gcoiste.

Státseirbhísigh shinsearacha atá i bhformhór na mball ach earcaíodh beirt trí chomórtas poiblí chun ionadaíocht a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar phobal na Gaeltachta.

Is é John Prendergast, atá ina oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne, atá roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar phobail teanga na Gaeltachta. Is as Trá Lí i gCiarraí ó dhúchas dó.

Is í Mairéad Ní Ghabháin, atá ina páirtí sa chomhlacht dlíodóirí Matheson, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gcoiste do phobail na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is as an gCeathrú Rua i gConamara do Ní Ghabháin ó dhúchas ach tá cónaí i mBaile Átha Cliath uirthi.

Is stát seirbhísigh an naonúr eile atá ceaptha ar an gcoiste:

  • *An Dr. Aodhán Mac Cormaic: An Roinn Turasóireachta Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
  • John Howlin: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • John Keegan: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
  • Eithne Fox: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Ceannfort Sean Glynn: An Garda Síochána
  • Eoin Ó Seaghdha: An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Ciara Molloy: An Roinn Oideachais
  • Breandán Mac Craith: Foras na Gaeilge
  • John Breen: An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

Tá an Dr. Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, roghnaithe ag an mbeirt Airí le bheith ina Chathaoirleach eatramhach ar an gcoiste. Tá Príomhoifigeach nua le tosú sa Roinn i mí Lúnasa a bheidh ag plé go sonrach le cur I bhfeidhm an Achta agus beidh sí sin ina cathaoirleach ar an gcoiste amach anseo.

De réir na reachtaíochta, bhí an coiste le bunú taobh istigh de shí mhí ón lá ar ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) – an 22 Nollaig 2022 – agus bunaíodh an coiste Dé Máirt na seachtaine seo, an 20 Meitheamh, sé mhí ón lá a ritheadh an acht.

Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Faoin bplean bheadh sé i gceist níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a reáchtáil, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint d’fhostaithe.

Agus é ag labhairt faoi fhógra an lae inniu, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go bhfuil “an chéad chéim eile” glactha maidir le cur i bhfeidhm an Achta agus go dtabharfaidh an Roinn anois faoi dhream a fháil le taighde a dhéanamh don phlean náisiúnta earcaíochta.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí nua an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, gach rath a ghuí orthu ina gcuid oibre amach anseo agus buíochas a ghabháil leo as a dtiomantas i leith na Gaeilge.

“Táim cinnte go dtabharfaidh siad faoin obair seo le díograis agus le dúthracht agus go mbeidh lorg a gcuid oibre le sonrú ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtaobh na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí sna blianta fada amach romhainn,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Catherine Martin go mbeadh ról lárnach ag an gcoiste i bhforbairt seirbhísí trí Ghaeilge.

“Tréaslaím ach go háirithe a gceapacháin ar an gcoiste le Máiréad Ní Ghabháin agus John Prendergast thar ceann phobal na Gaeilge, lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht faoi seach,” a dúirt an tAire Martin.

“Beidh ról lárnach ag an gcoiste seo i dtaobh bealaí a aithint trína dtabharfar faoi mhéadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Táim buíoch do chomhaltaí uile an choiste as a gcuid ama a thabhairt agus as bheith páirteach ar an gcoiste.”

Beidh dhá bhliain ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Fág freagra ar 'Baill an choiste a ullmhóidh plean earcaíochta nua an stáit don Ghaeilge fógartha'

  • Mise Áine

    Go n-éirí go geal leo!