Baile hÉil róláidir

Sa chluiche iomána deireanach den bhliain, tabharfaidh seaimpíní Uíbh Fhailí agus Cill Chainnigh aghaidh ar a chéile an Domhnach beag seo.

Tá Henry Shefflin agus Baile hÉil ag iarraidh Craobh Laighean a chrochadh leo an deireadh seachtaine seo. INPHO/Morgan Treacy
Tá Henry Shefflin agus Baile hÉil ag iarraidh Craobh Laighean a chrochadh leo an deireadh seachtaine seo. INPHO/Morgan Treacy

Níl ach cluiche iomána cúige amháin fágtha i mbliana agus imreofar é sin i bPáirc Uí Mhórdha an Domhnach beag seo.

Agus Craobh Iomána Chúige Laighean sa treis, tabharfaidh seaimpíní Uíbh Fhailí, Cill Chormaic-Cill Adhaidh, aghaidh ar fhoireann Henry Shefflin, Seamróga Bhaile hÉil, i bPort Laoise.

Nuair a chas foirne chontae Uíbh Fhailí agus Cill Chainnigh ar a chéile ag tús an tsamraidh, bhí farasbarr 26 pointe ag na Cait, 5-32 in aghaidh 1-18, ach meastar nach mbeidh cluiche an Domhnaigh seo baileach chomh haontaobhach sin.

Cé nach bhfuil ag éirí go maith le hUíbh Fhailí sa chraobh idirchontae, tá Cill Chormaic-Cill Adhaidh ag seasamh an fhóid don chontae ar bhonn náisiúnta agus Craobh Laighean buaite acu i 2012.

Shroich siad Cluiche Ceannais na hÉireann an séasúr sin ach fuair Sáirséalaigh Dhurlas Éile an ceann is fearr orthu i bPáirc an Chrócaigh.

Tar éis craobh an chontae a bhuachan trí huaire as a chéile, beidh Cill Chormaic-Cill Adhaidh ag iarraidh cúpla coischéim chun cinn a thabhairt agus ceiliúradh a bheith acu ar Lá Fhéile Pádraig an bliain seo chugainn.

Chun an deis sin a thabhairt dóibh féin, beidh siad ag brath ar tosaithe ar nós Dan Currams, Conor Mahon agus Peter Geraghty.

Thíos ar an taobh eile den pháirc, beidh ceann de na línte tosaithe is fearr dá bhfacthas i gcraobh na gclub riamh, ina measc, James ‘Cha’ Fitzpatrick, Colin Fennelly, TJ Reid, Eoin Reid, Henry Shefflin agus Mark Aylward.

Idir an seisear sin, tá 27 Bonn Uile-Éirinn buaite san iomlán acu.

Nuair a chuirtear Michael Fennelly agus duine nó beirt eile san áireamh leis an méid sin, tá foireann fíorláidir ag Baile hÉil.

Is iad foireann Chill Chainnigh rogha na coitiantachta do Chraobh na hÉireann agus tógfaidh sé iarracht ullmhór ó Chill Chormaic-Cill Adhaidh chun iad a stopadh.

Tuairim na nGeallghlacadóirí:

Baile hÉil – 1/5, Cill Chormaic-Cill Adhaidh – 4/1, Comhscór – 12/1.

Tuairim Tuairisc.ie:

Cé go bhfuil an-taithí ag Cill Chormaic-Cill Adhaidh ar an leibhéal seo, beidh Shefflin agus a chuid comhghleacaithe róláidir dóibh.