Baile Gunnair agus Cill Mocheallóg ag dul sa ghleo i sárchraobh iomána

Bhí féasta iomána iománaíochta againn le tamall a bhuíochas leis na clubanna

Baile Gunnair agus Cill Mocheallóg ag dul sa ghleo i sárchraobh iomána

Tá sé cúpla seachtain anois ó scríobh mé faoi chúrsaí ar an bpáirc imeartha. Agus cé gur tharla roinnt mhaith sa saol mór taobh amuigh de pháirc na himeartha le linn na Nollag, thosaigh an traenáil idirchontae arís agus lean comórtais chúige na gclubanna ar aghaidh.

Roimh mhaidhm mhór Omicron bhí moladh go leor á fháil ag curaidh Laoise, Cloch/Baile Cholla a bhí ag imirt ar fheabhas i gcúige Laighean, áit go bhfuair siad a gcéad bhua riamh sa chomórtas agus iad i gcoinne na Raparees ó Loch Garman. Ansin chuir siad Crócaigh Chill Mochuda de dhroim seoil. 

Ba iad na seanfhondúirí Stephen ‘Picky’ Maher agus Willie Dunphy a bhí chun tosaigh dóibh, rud ab amhlaidh go mion minic le club agus contae thar thréimhse fada blianta.

Ocht lá ina dhiaidh sin bhíodar ar fhód naofa Pháirc an Chrócaigh agus seaimpíní na tíre Seamróga Bhaile Héil rompu. Bhí chuid maith den ádh ar na seaimpíní i gcoinne Naomh Rynagh Uíbh Fháilí. Bhí foireann Chill Chainnigh beagnach cloíte sa ghnátham ach shábháil Eoin Cody iad le cúl thar a bheith déanach agus bhí an bua acu sa deireadh. 

Ach sa chluiche ceannais bhí fir Chill Chainnigh róláidir d’imreoirí Laoise a ghéill sé chúl.  

Bhí Cloch/Baile Cholla iomaíoch go dtí an deireadh ach bhí orthu géilleadh d’fhoireann atá breac le taithí agus réalta.

Ó thuaidh cuireadh tús le turas cúige eile d’fhathaigh Shleacht Néill agus iad buacach i gContae Doire don naoú bliain as a chéile. Dar ndóigh tá craobh an chúige buaite acu ceithre huaire le cúig shéasúr anuas agus Ballycran curtha go tóin poill acu seachtain roimh an Nollaig chun corn na ‘Four Seasons’ a bhailiú do 2021.

I gcúige Mumhan bhí Domhnach mór iomána againn coicís roimh Lá Nollag le Mainistir na Corann in aghaidh Chill Mocheallóg agus Luachma/Caisleán Laighnigh in aghaidh Bhaile Gunnair.

Ina gcluiche leathchraoibhe bhí Cill Mocheallóg i bhfad níos fearr ón tús agus iad chun tosaigh ón chéad chúilín go dtí an fhead dheireanach. Sa chluiche eile bhí an chuma ar an scéal go luath go raibh Baile Gunnair chun an cluiche a bhuachaint go héasca ach ní mar sin a tharla. Chomh luath agus a cuireadh Noel McGrath den pháirc thosnaigh Luachma/Caisleán Laighnigh ag imirt i gceart agus bhí seans maith acu go dtí na nóiméid dheireanacha nuair a taispeánadh cárta dearg do John, deartháir Noel. Bhí an dá chinneadh sin ón réiteoir Johnny Murphy thar a bheith géar agus crua ar na Tiobraid Árannaigh agus níl aon dabht ach go raibh tionchar mór acu ar an toradh. Ach b’in iad na cinntí agus b’in é an toradh agus amárach rachaidh Baile Gunnair chun páirce i gcoinne Chill Mocheallóg agus iad ar thóir an choirn a bhuadar go deireanach in 2018.

Táim ag súil le hardchluiche anseo idir dhá fhoireann a bhfuil ualach taithí acu agus neart spioraid iontu. Is deacair a rá cé a bhuafaidh an ceann seo.

Is minic ráite é leis na blianta go bhfuil craobh chlubanna na hÉireann tuillte ag Bhaile Gunnair. Is cinnte go bhfuil ach níl sé déanta acu fós ná ag aon chlub as na Déise. Is deacair é sin a chreidiúint. Níl sé buaite ach oiread ag Cill Mocheallóg. 

Tá foireann na nDéise mar rogha na n-údar ach tá muinín fhoireann an chontae sna leads seo ón mBalbec. Ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu ach bheinn ag ceapadh go mbeidh an lá ag Baile Gunnair.

Beidh an t-aicsean ar TG4 ag a 3.30 i.n.

Beidh súil ghéar á coimeád amárach freisin ar chéad chluiche na Gaillimhe faoi Henry Shefflin i gcomórtas an Bhreathnaigh. Beidh a sheanchomrádaí Michael Fennelly ar an taobhlíne eile agus imreoirí Uíbh Fhailí faoina chúram.

Fág freagra ar 'Baile Gunnair agus Cill Mocheallóg ag dul sa ghleo i sárchraobh iomána'