Baile Gaeltachta le bheith lárnach i searmanas oscailte Gaillimh 2020

Tá lucht eagraithe Gaillimh 2020 ag lorg 2,020 duine a bheadh sásta páirt a ghlacadh in imeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den searmanas oscailte mí Feabhra seo chugainn

Baile Gaeltachta le bheith lárnach i searmanas oscailte Gaillimh 2020

Pictiúr: Andrew Downes

Beidh ócáid speisialta ar an Spidéal mar chuid de na himeachtaí atá beartaithe d’oscailt Gaillimh 2020 mí Feabhra seo chugainn.

Tá an baile Gaeltachta roghnaithe ag lucht eagraithe na féile mar cheann de shé bhaile timpeall an chontae ina mbeidh imeachtaí ar leith iontu mar chuid den searmanas oscailte a mhairfidh seacht lá.

Beidh an ócáid is mó i gcathair na Gaillimhe Dé Sathairn 8 Feabhra ach i rith na seachtaine roimhe sin beidh imeachtaí ar siúl sa Spidéal, sa Chlochán, i dTuaim, i mBéal Átha na Sluaighe, i bPort Omna agus i mBaile Átha an Rí. 

Reáchtálfar an chéad imeacht ar an gClochán Dé Domhnaigh, 2 Feabhra agus beidh an ócáid ar an Spidéal ar siúl an lá dár gcionn, 3 Feabhra.

Tá an searmanas seachtaine á léiriú ag Wonder Works, dream a raibh baint acu le searmanais oscailte na gCluichí Oilimpeacha san Aithin, i Londain agus in PyeongChang, i measc mórimeachtaí domhanda eile.

Deirtear go mbainfear leas as “téamaí agus traidisiúin áitiúla ó cheantair ar fud na Gaillimhe” ag na hócáidí sin ar fad.

Tá 2,020 duine á lorg ag lucht eagraithe Gaillimh 2020 chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla. Páirteanna mar chnagcheoltóirí agus mar chantairí a bheidh i gceist do na daoine seo, bíodh taithí acu nó ná bíodh.

Iad siúd a bheidh páirteach sna himeachtaí sna sráidbhailte go léir, beidh siad ar an chliar a bheidh páirteach sa mhór-oscailt i gcathair na Gaillimhe.

Reáchtálfar cleachtaí dóibh siúd a bheidh ag glacadh páirt sna hócáidí idir thús mhí na Nollag agus tús mhí Feabhra. D’fhéadfadh go mbeadh idir 6 agus 30 uair an chloig de sheisiúin chleachtaidh i gceist, ag brath ar an bpáirt a bheidh ag duine sa searmanas.

Tá Gaillimh 2020 ag reáchtáil seisiún eolais do dhaoine a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh sna himeachtaí. Beidh an seisiún sin ar siúl i Leisureland i mBóthar na Trá ar an 30 Samhain, idir 1pm agus 4pm.

Fág freagra ar 'Baile Gaeltachta le bheith lárnach i searmanas oscailte Gaillimh 2020'

  • Daor Mac an tSaoir

    “Bailígí timpeall”??? Céard sa diabhal atá i gceist leis sin? An “druidigí thart orm” atá i gceist acu? Níl aon rud le bailiú ag éinne.

    Agus an cheist is mó… cén chaoi a bhfuil an Ghaeilge le bheith páirteach? Ar chaill mé rud éigin san alt? Ní dóigh liom go raibh aon rud luaite.

    “Baile Gaeltachta le bheith lárnach i searmanas oscailte Gaillimh 2020” — Is túisce go mbeidh mé féin i mo rí ar Éirinn!