Baile Chláir na Gaillimhe agus Clann na nGael ag ceiliúradh a mbuanna i gcluichí ceannais na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Bhí na foirne ó Ghaillimh agus ón Mí rómhaith don Tearman agus do Naomh Fionnbarra sna cluichí ceannais a imríodh i gCill na Martra

Baile Chláir na Gaillimhe agus Clann na nGael ag ceiliúradh a mbuanna i gcluichí ceannais na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Tháinig Baile Chláir na Gaillimhe aniar aduaidh ar an Tearmann agus bhuaigh Clann na nGael ar Naomh Fionnbarra i gcluichí ceannais na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2024.

D’fhág bua Bhaile Chláir na Gaillimhe gur thug siad leo craobh shinsir na mban ag an gComórtas den dara huair riamh agus an chéad ó Thuar Mhic Éadaigh in 2017.

D’aimsigh Andrea Trill trí chúl agus í ina déagóir sa chluiche ceannais seacht mbliana ó shin ach bhí an taispeántas a thug sí in aghaidh an Tearmainn chomh maith céanna agus b’fhéidir níos fearr. 2-6 ar fad a d’aimsigh Trill agus í ag spreagadh a foirne chun bua 3-9 in aghaidh 1-8 a bhaint amach.

Ba iad an Tearmann a bhuaigh an comórtas seo anuraidh agus thuig gach duine a chonaic iad ar na Méillte go mbeadh taispeántas ar leith ag teastáil chun iad a bhualadh i mbliana. B’shin díreach an taispeántas a thug Baile Chláir. Bhí imreoir nó dhó in easnamh ar an Tearmann ón bhfoireann a bhuaigh anuraidh, le cois na n-imreoirí contae nach raibh ann, ach bhí Trill, a scóráil an cúl cinniúnach do Ghaillimh i gcluiche ceannais Chonnacht cúpla seachtain ó shinar fáil do Bhaile Chláir. Chuir Kate Slevin, atá tar éis sos a thógáil ó bheith ag imirt le Gaillimh, 1-1 leis an 2-6 a d’aimsigh Trill agus ba é sin an difríocht idir na foirne sa deireadh.

D’aimsigh an gaiscíoch Geraldine McLaughline an chéad scór den chluiche don Tearmann sa chéad cúpla nóiméad ach bhí dhá phointe aimsithe ag Trill laistigh cúig nóiméad chun Baile Chláir a chur chun tosaigh agus ní raibh siad riamh taobh thiar as sin go deireadh, in ainneoin go raibh coimhlint mhaith ann.

D’aimsigh Ciara McGarvey pointe álainn chun na foirne a fhágáil cothrom ach d’aimsigh Andrea Trill agus a deirfiúr Chellene pointí chun Baile Chláir a chur chun tosaigh arís. Bhí Megan Flaherty ag déanamh jab maith agus í ag coinneáil súil ar Geraldine McLaughlin ach ní féidir an lántosach a stopadh uile agus d’aimsigh sí an trí phointe deireanach a fuair an Tearmann sa chéad leath ó chiceanna saora agus na foirne cothrom ag leath ama, 0-5 an taobh.

Bhabhtáil McLuaghlin agus Andrea Trill an chéad cheithre scór den dara leath ach bhí cor cinniúnach sa chluiche théis 46 nóiméad nuair a chruthaigh Deirdre Ní Bhraonáin agus Louise Fagan seans ar chúl do Kate Slevin, seans ar ghlac sí leis.

Chuir Trill cic saor eile leis chun an bhearna a mhéadú go dtí ceithre phointe agus bhí cuma na maitheasa ar Bhaile Chláir ina dhiaidh sin nuair a ghearr sí trí lár chosaint an Tearmainn ar luas lasrach le hiarracht a bhá san eangach.

Níor ghéill seaimpíní 2023 agus d’fhreagair siad le cúl ó Chiara McGarvey ach suas le Trill arís agus d’éalaigh sí ó bheirt chun a dara cúl a scóráil sa nóiméad deireanach agus chuir Ciana Reidy sméar mullaigh ar chúrsaí leis an bpointe deireanach.

Buaiteoirí Craobh Chomórtas na Gaeltachta do na mná sóisear.

Clann na nGael a thug leo craobh shóisir na mban tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Fionnbarra sa chéad chluiche ceannais a imríodh ar an Luan. Bhí Naomh Fionnbarra ag iarraidh déanamh ar a dhein foireann eile as Múscraí, Naomh Abán, ar an Domhnach agus corn a thabhairt leo ach ní raibh siad in ann ag Clann na nGael, a chríochnaigh go láidir chun an cluiche a bhauchan 2-12 in aghaidh 2-2.

Níor tháinig na scóranna go héasca ag ceachtar fhoireann sa chéad cheathrú agus ba scór tábhachtach a bhí ann mar sin nuair a shlánaigh Gillian Concannon cic éirice do Naomh Fionnbarra théis 11 nóiméad chun iad a fhágáil 1-0 in aghaidh 0-1 chun tosaigh.

Fuair mná na Mí smacht ar chúrsaí ina dhiaidh sin, áfach, agus d’aimsíodar 1-4 gan freagra. Molly Canny a d’aimsigh an cúl do Chlann na nGael ach cuireadh go leor den obair a bhí déanta ó mhaith nuair a bhris iarimreoir Chorcaí Rhona Ní Bhuachalla tríd chun cúl deas a scóráil díreach roimh leath ama, scór a d’fhág aon phointe amháin idir na foirne, 1-5 in aghaidh 2-1.

Chuir an dara chic saor ó Emma Ní Chríodáin na foirne ar comhscór luath sa dara leath ach níor scóráil Naomh Fionnbarra arís sa chluiche. Chuir cúpla cic saor ó Ali Sherlock agus pointe eile ag Molly Canny Clann na nGael trí phointe chun tosaigh agus bhí rás Naomh Fionnbarra nach mór rite nuair a baineadh droch-ghortú do Rhona Ní Bhuachalla agus ceathrú uaire fágtha. D’aimsigh Canny agus Bláthnaid Keogh (péire) tuilleadh pointí do Chlann na nGael agus d’aimsigh captaen na foirne, Tessa Fleming, an dara cúl dóibh leis an scór deireanach.

Fág freagra ar 'Baile Chláir na Gaillimhe agus Clann na nGael ag ceiliúradh a mbuanna i gcluichí ceannais na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta'

  • Éadóchasach

    Agus ar labhair mná Bhaile Chláir na Gaillimhe focal Gaeilge eatarthu féin ar an mbus abhaile?