Baile Átha Cliath? Molaimis agus adhraimis a gcumas

Lá éigin scaoilfidh duine éigin rún ó shos leath ama an tseomra feistis ag Áth Cliath agus ní foláir nó go gcuirfidh sé iontas orainn cé chomh simplí is chomh suarach is atá an bhearna sin idir bris is bua

Baile Átha Cliath? Molaimis agus adhraimis a gcumas

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Léas beag dóchais ar dtús.

I gcluiche leathcheannais na bliana 1982 agus Ciarraí sa tóir ar chúig chraobh as a chéile thug fir na Ríochta stánáil mhaith deich bpointe d’Ard Mhacha.  3-15 le 1-11 an scór deiridh an lá úd seacht mbliana is tríocha ó shin. Dúradh an uair úd, chomh maith ná fanfadh Uíbh Fhailí ná an Ghaillimh leis an gcuradh i gcluiche ceannais na hÉireann agus go mb’fhearr, b’fhéidir, comhfhoireann a chur le chéile a choimeádfadh an chaid lascálta amach chun dúshlán éigin a thabhairt do Chiarraí.

Tar éis a mbua 3-14 le 1-10 i bPáirc a Chrócaigh tráthnóna, tá dioscúrsa an éadóchais agus caint na cloíteachta tosnaithe an athuair maidir le sárfhoireann seo Átha Cliath.

Bhí dóthain sa tréimhse dhá nóimeat déag dhiamhracha sin i dtús an dara leath, nuair a d’aimsigh foireann Jim Gavin 2-6 gan fhreagra ó Mhaigh Eo, chun sceon, sceimhle agus scanradh a chur i gcroí an té is tiarnúla amuigh. Ach ná bronnaimis an corn go fóill ar Áth Cliath.

Is é nádúr agus áilleacht an spóirt ná go bhfuil seans i gcónaí ag an íochtarán, fiú más caol agus más fánach an seans féin é sa chás seo. 

Tar éis a tuigtear gach beart ach ná habair liom, agus ná déarfadh an té is dílse i measc lucht leanúna Mhaigh Eo é, ná raibh sé seo ag teacht lá éigin. Nuair a thagann an cnagadh deireanach ar bhuíon imreoirí, mar a tháinig ar Mhaigh Eo inniu, bíonn cuma ghránna, thuathalach, threascartha ar an uile ní. 

Ainneoin a mbris, níor chóir dúinn aon trua a bheith againn do Mhaigh Eo. Beidh cead  cainte ag lucht caillte na himeartha lá éigin ach géillimis inniu do mháistreacht, do mhaorgacht agus d’áilleacht na himeartha ó fhir na hardchathrach agus iad i mbláth a maitheasa.

Is furasta labhairt ar na fabhtaí i gcóras cosanta Mhaigh Eo a d’fhág Lee Keegan ar phlaic a thóna don gcéad chúl a d’aimsigh Con O’Callaghan agus san déanta, is furasta chomh maith tagairt a dhéanamh don easpa géire san iarracht ar chosaint a dhein Keegan don dara cúl. Ach aithnímis chomh maith an áilleacht agus an dánaíocht ins na coir a thug an Ceallachánach dó fé dhó ag déanamh isteach ar an mbáide. Imreoir ar leith ar fhoireann ar leith atá ar thairseach na staire. Trí bhiaiste atá caite ag fear Chuala ag imirt ag an leibhéal seo agus níl oiread is cluiche amháin craoibhe caillte aige. Ná bac san, féach lasmuigh dhó agus chífir Brian Fenton atá ar tí a chúigiú cluiche cluiche ceannais as a chéile a bhuachtaint agus gan oiread is lá dealbh amháin caite go dtí seo aige sa gheansaí gorm. 

Beidh caint go ceann tamaill ar an dá scór deireanach a fuair an Fiannachtach agus na Dubs tráthnóna. Báide iontach ar bhuille na huaire a léirigh an uile thréith a bhaineann leis an bhfear- truslóga móra fada, coisíocht den scoth, tuiscint ar riachtanas an mhórghnímh agus fuarchúis i mbéal an bháide. B’fhearr ná san an cur chuige a bhain leis an ndara scór agus scór deireanach an lae ó Áth Cliath. Murach sábháil mhíorúilteach ag Rob Hennelly, bheadh a dhara cúl aimsithe ag Fenton agus scór na bliana lena chois. 

Ar na mórghníomhartha san ó Fenton a bheifear ag caint ach is suntasaí fós, dar liom, an dá ghreamú san aer a dhein sé ó chiceanna amach Stephen Cluxton sa chéad leath nuair a bhí fáisc dhaingean curtha ag Maigh Eo ar an gcic amach céanna. Gan Fenton ag dul sna frathacha ag uair na cinniúna, ní bhláthaíonn a ghiollaí thíos fé ar an dtalamh. Ní bheadh aon éachtaint againn ar ghliceas Chiaráin Kilkenny ná Paul Mannion. Níorbh fhiú trácht ar luas Jack McCaffrey ná ní bheadh Callaghan ná Dean Rock ag fáil boladh na fola. 

Ní dócha gur mheabhraigh Fenton i gceart fós cad is ann don ndíomá, don mbris agus don ainnise. Tiocfaidh sé i mbéal an dorais chuige lá éigin ach go dtí go dtagann an lá san, molaimis agus adhraimis a chumas. 

Ní hionann san agus a rá go raibh an taispeántas seo gan cháim. Ní raibh ná an diabhal é. 

Deich mbabhta sa chéad leath, baineadh seilbh na caide glan d’imreoirí Átha Cliath. Cathain a tharla san go deireanach?

Trí bhabhta sa chéad leath, d’éirigh le leathchúlaithe Mhaigh Eo- Paddy Durcan fé dhó agus Colm Boyle – raithneach a bhaint as bearnaí i gcosaint Átha Cliath. Cathain go deireanach a cuireadh Ciarán Kilkenny agus Jack McCaffrey ar a gcúlaibh chomh minic? 

Babhta amháin a chonac James Carr agus é trí shlat chun tosaigh ar Mhichael Fitzsimons, é á chasadh is á shuaitheadh mar a dhéanfadh leanbh le piscín cait, sarar scaoil sé lena chois chlé agus d’aimsigh pointe gleoite isteach i gcúl na Canálach.

Thug na himeachtaí seo go léir léas dóchais don uile dhuine go mb’fhéidir gurbh é seo an lá a chnagfaí Áth Cliath. 

Mo léan géar. 

Níl buíon níos fearr ar m’aithne chun ceachtanna a thógaint ar bord go pras is go paiteanta. Lá éigin scaoilfidh duine éigin rún ó shos leath ama an tseomra feistis ag Áth Cliath agus ní foláir nó go gcuirfidh sé iontas orainn cé chomh simplí is chomh suarach is atá an bhearna sin idir bris is bua. 

Go dtí san, níl againn i gCiarraí agus ó thuaidh i dTír Eoghain ach na léaspairtí beaga dóchais agus an tuiscint sin go bhfuiltear fós i lár an aonaigh le pocán gabhair de shaghas éigin. 

Fé mar a dúirt an fear fadó, ‘muna mbuathfam, suathfam’… agus mar a dúirt fear uasal eile tar éis an chluiche aréir liom, chífeam a bhfeicfeam. 

  

   

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath? Molaimis agus adhraimis a gcumas'