Baile Átha Cliath, Dún na nGall agus Ciarraí uile le feiceáil ar GAA Beo an t-earrach seo

Foilsíodh Sceideal an Earraigh do chluichí CLG ar TG4 tráthnóna agus níos mó ná dhá scór cluiche le craoladh ar an stáisiún idir thús mhí Feabhra agus mí Bhealtaine

Baile Átha Cliath, Dún na nGall agus Ciarraí uile le feiceáil ar GAA Beo an t-earrach seo

Pictiúr: NPHO/Cathal Noonan

Cuirfear tús le craoladh CLG ar TG4 an t-earrach seo le cluiche leathcheannais iomána clubanna na hÉireann idir Naomh Tomás (Gaillimh) agus Baile Uí Aodha (An Clár).

Foilsíodh sceideal cluichí an stáisiúin Ghaeilge tráthnóna.

Beidh foirne Bhaile Átha Cliath chun cinn ar TG4 sa chéad cúpla seachtain den séasúr agus trí chluiche de chuid fhoirne an chontae le taispeáint. Craolfar an cluiche idir peileadóirí Jim Gavin agus Contae an Chabháin i mBabhta 1 den tsraith ar an 5 Feabhra agus déanfar craoladh freisin ar chluichí Naomh Uinsionn agus Chuala i gCraobhacha Peile agus Iomána na gClubanna chomh maith.

Tá dea-scéal ann do lucht leanúna Dhún na nGall, Chill Chainnigh agus Phort Láirge chomh maith agus craoladh le déanamh ar dhá cheann de chluichí na gcontaetha sin i rith mhí Feabhra.

Beidh an chéad dá chluiche ag na Conallaigh i Sraith Peile Allianz, i gcoinne Chiarraí agus Ros Comáin, á dtaispeáint ar GAA Beo, chomh maith le cluichí iomána Phort Láirge i gcoinne Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann, an dá fhoireann a thug aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Beidh na Cait ar an scáileán arís dá gcluiche in aghaidh an Chláir ag deireadh na míosa.

Craolfar breis agus dhá scór cluiche ar fad agus cé go bhfuil tús áite á thabhairt do Chraobhacha na gClubanna agus na Sraitheanna Náisiúnta, beidh TG4 i láthair ag raon leathan comórtas, ina measc mórchomórtais na gcoláistí agus na n-iarbhunscoileanna, Craobhacha Iomána agus Peile Faoi 21, Coirn Mhic Shigir agus Mhic Giobúin, Cluichí Ceannais Pheil na mBan agus Chluiche Ceannais na Sraithe Camógaíochta.

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil áthas ar TG4 faoin soláthar cuimsitheach seo.

“Is é an t-earrach séasúr an dóchais ag lucht na gcluichí Gaelacha i gcónaí, tús nua, misneach athnuaite agus súil le glóir an tsamhraidh agus an fhómhair.

“Beidh súil ag an bpobal le clúdach saor go haer TG4 le bunús an dóchais sin a mheas agus an deis na foirne is fearr a fheiceáil. Roghnófar na cluichí Sraithe Allianz a chlúdóidh TG4 sna babhtaí cinniúnacha de réir mar a fheicfimid an dul chun cinn ag na foirne éagsúla,” a dúirt Ó Coisdealbha.

Chomh maith le clúdach GAA Beo, beidh sraith eile den chlár irise Seó Spóirt á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide, ag tosú ar an 3 Feabhra, agus craolfar freisin Laochra Gael agus an clár buaicphointí GAA 2017.

Cluichí Gaelacha ar TG4: Sceideal an Earraigh 2017

Feabhra

Satharn 4 Feabhra

Craobh Club AIB: Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann:
Naom Tomás (Gaillimh) v Baile Uí Aodha (An Clár)


Domhnach 5 Feabhra

Sraith Peile Allianz: Beo: An Cabhán v Áth Cliath
Iarbheo: Dún na nGall v Ciarraí


Satharn 11 Feabhra

Craobh Club AIB: Cluichí Leathcheannais Peile na hÉireann
Sleacht Néill (Doire) v Naomh Uinsionn (Áth Cliath),
Cora Finne (Gaillimh) v Na Crócaigh (Ciarraí)


Domhnach 12 Feabhra

Sraith Iomána Allianz: Beo: Cill Chainnigh v Port Láirge
Sraith Peile Allianz: Iarbheo : Ros Comáin v Dún na nGall


Satharn 18 Feabhra                                                                                                                                      

Cluiche Ceannais do Chorn Mhic Shigir, urraithe ag Independent.ie,


Domhnach 19 Feabhra                                                                                                                                

Sraith Iomána Allianz: Beo : Port Láirge v Tiobraid Árann
Sraith Iomána Allianz: Iarbheo: An Clár v Cill Chainnigh


Satharn 25 Feabhra

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Giobúin
Craobh Club AIB: Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann:  Cuala (Áth Cliath) v Sleacht Néill  (Doire)


Domhnach 26 Feabhra

Sraith Peile Allianz: Babhta 3 (Cluiche Beo agus Cluiche iarbheo)


Márta

Domhnach 5 Márta

Sraith Peile Allianz:  Babhta 4 agus Sraith Iomána Allianz Babhta 3 (Cluiche Beo agus Cluiche iarbheo)


Aoine 10 Márta

Gradaim an Uachtaráin Beo ó Pháirc an Chrócaigh


Domhnach 12 Márta

Sraith Iomána Allianz Babhta 4 (Cluiche beo agus Cluiche iarbheo)
Peil na mBan: Beochlúdach ar Chluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir


Lá ’le Pádraig, Aoine 17 Márta

Craobh Club AIB; Cluichí Ceannais na hÉireann AIB beo ó Pháirc an Chrócaigh


Domhnach 19 Márta

Sraith Náisiúnta Peile Allianz; Babhta 5 (Cluiche beo agus cluiche iarbheo)


Domhnach 26 Márta

Sraith Náisiúnta Peile Allianz; Babhta 6 agus Sraith Náisiúnta Iomána Allianz Babhta 5
(Cluiche beo agus Cluiche iarbheo)


Aibreán

Domhnach 2 Aibreán

Sraith Náisiúnta Peile Allianz; Babhta 7
Sraith Iomána Allianz; Cluiche Ceathrú Ceannais (Cluiche beo agus Cluiche iarbheo)


Satharn 8 Aibreán

Sraith Náisiúnta Peile Allianz; Cluichí Ceannais Roinn 3 agus 4


Domhnach 9 Aibreán

Sraith Náisiúnta Peile Allianz; Cluichí Ceannais Roinn 1 agus 2 


Satharn 15 Aibreán

Craobh Peile Eirgrid faoi 21: Cluiche Leathcheannais na hÉireann


Domhnach 16 Aibreán

Sraith Náisiúnta Peile Allianz: Cluichí Leathcheannais


Domhnach 23 Aibreán

Sraith Camógaíochta Littlewoods; Cluiche Ceannais
Allianz Hurling League Final


Satharn 29 Aibreán

Craobh Peile faoi 21 Eirgrid: Cluiche ceannais na hÉireann


Domhnach 30 Aibreán

Sraith Lidl i bPeil na mBan: Cluichí Ceannais Roinn 3 agus 4


Bealtaine

Domhnach 7 Bealtaine

Sraith Lidl i bPeil na mBan: Cluichí Ceannais Roinn 1 agus 2

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath, Dún na nGall agus Ciarraí uile le feiceáil ar GAA Beo an t-earrach seo'