Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain ag iarraidh gan cailliúint den chéad uair sa tsraith anocht

Beidh babhta eile againn anocht i bPáirc an Chrócaigh den chath síoraí idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo agus beidh cluiche uile-Uladh i Roinn 1 idir Tír Eoghain agus Muineachán ar An Ómaigh

Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain ag iarraidh gan cailliúint den chéad uair sa tsraith anocht

Jason Doherty (Maigh Eo) agus James McCarthy (Baile Átha Cliath). INPHO/Cathal Noonan

Baile Átha Cliath v Maigh Eo, Páirc an Chrócaigh, 19:00

Tabharfaidh Maigh Eo agus Baile Átha Cliath aghaidh ar a chéile, den chúigiú huair le bliain go leith, i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna i mbabhta a ceathair den tsraith. Cé gurbh iad Maigh Eo ba mhó a thug dúshlán fhoireann Jim Gavin le cúpla bliain anuas, tá deich gcluiche anois imeartha ag na Connachtaigh in aghaidh fhoireann na príomhchathrach agus gan aon bhua faighte acu ó bhuaigh siad orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann in 2012.

Beidh lucht leanúna Mhaigh Eo ag súil go bhfuil seans cuibheasach maith acu é sin a chur ina cheart anocht agus gan Baile Átha Cliath ar a seanléim fós sa tsraith. Níl ach cluiche amháin buaite acu go dtí seo i Roinn 1, agus comhscór acu in aghaidh Thír Eoghain agus Dhún na nGall i mbabhta a dó agus a trí faoi seach.

Thabharfadh bua in aghaidh Bhaile Átha Cliath spreagadh iontach do Mhaigh Eo, go háirithe i ndiaidh bhriseadh croí 2016 agus 2015 agus is cinnte go bhfuil siad feabhsaithe go mór ó chaill siad in aghaidh Mhuineacháin ina gcéad chluiche sraithe.

Bhí chuile chosúlacht air go raibh cailliúint eile i ndán dóibh ag leath ama in aghaidh Chiarraí ach tháinig siad ar ais go láidir sa dara leath den chluiche sin agus bhí siad i bhfad róláidir do Ros Comáin an tseachtain seo caite.

Ó tharla Aidan O’Shea a bheith fós ar iarraidh, tá siad ag brath go mór ar Chillian O’Connor. Má éiríonn le Baile Átha Cliath srian a chur airsean, beidh dúshlán mór roimh Mhaigh Eo.

Ina theannta sin, cé nach raibh Baile Átha Cliath i mbarr a maitheasa ó thús deireadh aon chluiche i mbliana, caithfear a gceart a thabhairt dóibh as gan aon chluiche a chailleadh. Bheadh cluiche na seachtaine seo caite buaite acu murach an cic saor bog a bronnadh ar Dhún na nGall sa deireadh agus léirigh imreoirí Jim Gavin an-díocas chun comhscór a bhaint amach i gcoinne Thír Eoghain i mbabhta a dó agus iad cúig phointe chun deiridh ag pointe amháin.

Is maith a thuigeann Jim Gavin an t-ugach a thabharfadh sé do Mhaigh Eo dá n-éireodh leo cluiche an tráthnóna a bhuachan agus déanfaidh sé féin agus a fhoireann a míle dícheall gan an spreagadh sin a thabhairt dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Presseye/Andrew Paton

Tír Eoghain v Muineacháin, An Ómaigh, 19:00

Is beag a cheapfadh aon duine a chonaic anuraidh sa chraobh iad, go mbeadh Muineachán ar bharr Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile agus trí bhabhta imeartha ach is amhlaidh atá faoi láthair. Tá an áit sin tuillte go maith ag foireann Malachy O’Rourke, áfach, tar éis dóibh buanna as baile a fháil i gCaisleán an Bharraigh agus i gCill Airne, chomh maith le cluiche comhscóir a bheith acu in aghaidh an Chabháin i mbabhta a dó.

Ceann de na rudaí is mó a thabharfaidh dóchas do lucht leanúna Mhuineacháin ná nach bhfuil an t-ualach céanna á iompar ag Conor McManus ó thaobh scórála de. Ar ndóigh, is é McManus príomhnaoscaire na foirne i gcónaí ach tá tacaíocht bhreise anois á fáil aige ó Gavin Doogan, Jack McCarron agus Kieran Hughes.

Níl aon chluiche sraithe caillte ag Tír Eoghain ach an oiread ,ach tá siad dhá phointe chun deiridh ar Mhuineachán tar éis do chluiche na seachtaine seo caite in aghaidh an Chabháin a bheith curtha ar ceal de bharr na drochaimsire.

Tá ag éirí go maith le seaimpíní Roinn 2 na bliana seo caite go dtí seo. Bhí bua cuimsitheach acu ar Ros Comáin ina gcéad chluiche agus ba bheag nár éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath i mbabhta a dó. 

Ba mhór an buille é d’fhoireann Mickey Harte nuair a bhain drochghortú do Conor McAliskey mí Eanáir ach tá Niall Sludden agus Peter Harte ag déanamh go hiontach sa tsraith go dtí seo agus má éiríonn le Conor Meyler agus Cathal McShane an caighdeán imeartha céanna a bhaint amach agus a bhain siad amach agus iad imirt do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i gCorn Mhic Shigiúir, beidh Mickey Harte sásta go maith.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain ag iarraidh gan cailliúint den chéad uair sa tsraith anocht'