Baile Átha Cliath agus Gaillimh ag súil le háit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe tráthnóna

Má bhuann Baile Átha Cliath ar Chiarraí agus má fhaigheann Gaillimh an ceann is fearr ar Mhuineachán, beidh áit ag an dá fhoireann i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe agus dhá bhabhta fós le himirt

Baile Átha Cliath agus Gaillimh ag súil le háit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe tráthnóna

Pictiúr: INPHO/James Crombie

I ndiaidh dhrochaimsir na seachtaine seo caite, tá Sraitheanna Náisiúnta Allianz ar siúl arís an deireadh seachtaine seo agus níl aon dabht ach gurb é an choimhlint idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath cluiche mór an Domhnaigh.

Thug an sos deis do gach duine súil a chaitheamh siar ar ar tharla go dtí seo sa tsraith agus seans go bhfuil lucht tacaíochta Chiarraí idir dhá chomhairle faoin méid atá feicthe acu go dtí seo. Agus ceithre chluiche imeartha ag fir na Ríochta, tá péire caillte ag foireann Éamonn Fitzmaurice agus péire buaite acu.

Is í an ghné is dearfaí de na cluichí go dtí seo ná taispeántais na n-imreoirí nua agus tá cruthaithe go maith ag Seán O’Shea, David Clifford, Micheál Burns agus a thuilleadh nach iad go dtí seo. Tá deis tugtha ag Fitzmaurice d’fhir óga a bhuaigh Craobhacha Mhionúir na hÉireann le Ciarraí le ceithre bliana anuas agus, den chuid is mó, tá an deis sin tapaithe acu.

An rud is mó a chuirfidh isteach ar na Ciarraígh ná cé chomh scaoilte agus a bhí siad go dtí seo ó thaobh na cosanta de. Tá seacht gcúl géillte acu cheana féin, níos mó ná aon fhoireann sa tír seachas Luimneach, agus dá mbeadh tosaithe na Gaillimhe beagáinín níos cruinne i dTrá Lí coicís ó shin, d’fhéadfadh rudaí bheith níos measa fós do Chiarraí.

Arís agus arís eile i rith an earraigh, tá bearnaí aimsithe ag foirne i gcosaint Chiarraí agus caithfidh Fitzmaurice an méid sin a chur i gceart. Ní hé go bhfuil dornán cosantóirí fós le filleadh ar an bhfoireann ach an oiread. Nuair a chuirfear tús leis an gcraobh, seans go mbeidh Tadhg Morley ag tosú, chomh maith le David Moran i lár páirce, ach ní bheidh an oiread sin athruithe eile i gceist.

Is cinnte go mbeidh fadhbanna móra ag Ciarraí má bhíonn siad chomh scaoilte céanna tráthnóna in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh seaimpíní na hÉireann go héasca ar Mhaigh Eo i mBabhta 4 agus an chuma orthu go nach raibh siad á thógáil go réidh sa dara leath. Tá Niall Scully agus Brian Howard ag baint lántairbhe as na deiseanna atá Jim Gavin ag tabhairt dóibh chomh maith.

Tá Brian Fenton ag dul ó neart go neart i lár páirce agus d’uireasa David Moran, beidh sé de dhualgas ar Jack Barry nó Barry O’Sullivan coinneáil leis an t-am uile, jab atá déanta go maith ag Barry cheana.

Ar ndóigh, ag Ciarraí a bhí an bua nuair a chas na foirne ar a chéile an uair dheireanach, i gcluiche ceannais na sraithe anuraidh, ach is iad Baile Átha Cliath a bheidh ag filleadh ar an gcluiche ceannais má bhíonn an bua acu tráthnóna.

Déanfaidh Gaillimh amhlaidh má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán i Staid an Phiarsaigh inniu. Tá gach cluiche go dtí seo buaite ag buachaillí Kevin Walsh agus iad ar ais i Roinn 1 den chéad uair ó 2011.

Cluiche crua a bheidh ann i mBóthar na Trá agus an dá fhoireann sásta neart imreoirí a chur siar sa chosaint. Cheapfá nach bhfuil aon chosantóir ag Gaillimh a bheadh in ann Conor McManus a choinneáil faoi chois ach ní fhágfar an cúram sin ar aon fhear amháin agus tá déanta go maith ag Gaillimh go dtí seo leithéidí Paddy McBrearty, Paul Geaney agus Cillian O’Connor a choinneáil faoi chois.

Casfaidh Maigh Eo agus Cill Dara ar a chéile sa chluiche peile eile i Roinn 1 tráthnóna. Tá an dá fhoireann ag bun na sraithe agus is cluiche ollmhór é seo agus iad ag iarraidh ísliú céime a sheachaint.

Cé go raibh siad leamh go maith in aghaidh Bhaile Átha Cliath coicís ó shin, ba cheart go mbeadh Paddy Durcan agus Tom Parsons ar fáil arís do Mhaigh Eo tráthnóna agus seans go dtabharfaidh siadsan don fhoireann an fuinneamh breise atá ag teastáil go géar uathu.

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath agus Gaillimh ag súil le háit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe tráthnóna'