Baile Átha Cliath ag máirseáil an Domhnach seo

Beidh súil le slua mór i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, áit a gcuirfidh iománaí agus peileadóirí Bhaile Átha Cliath tús lena bhfeachtais craoibhe don bhliain seo

Beidh Diarmuid Connolly (sa lár) ag súil le bua sách éasca in aghaidh an Longfoirt ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Beidh Diarmuid Connolly (sa lár) ag súil le bua sách éasca in aghaidh an Longfoirt ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Is deacair a shamhlú nach mbuafaidh Baile Átha Cliath Craobh Chúige Laighean don chúigiú huair as a chéile i mbliana agus tosóidh siad amach ar an aistear sin an Domhnach seo i bPáirc an Chrócaigh. Is i gcoinne an Longfoirt a bheidh foireann Jim Gavin agus, mar is eol do chách faoin am seo, is i gcoinne an fhreasúra chéanna a d’imir Bhaile Átha Cliath an uair is deireanaí a d’imir siad taobh amuigh de pháirc Bhóthar Mhic Sheoin, i 2006.

Níl ach beirt ar phainéal Bhaile Átha Cliath faoi láthair a d’imir an lá sin agus a bhfuil taithí acu ar imirt taobh amuigh de Pháirc an Chrócaigh, sin iad Stephen Cluxton agus Alan Brogan. Tá an cheist faoi na ‘Dubs’ a bhogadh amach as an bpríomhchathair pléite arís agus arís eile agus pé rud a tharlós ar an Domhnach, ní bheidh mórán baint ag an gceist sin leis. Fiú mbeadh ar Bhaile Átha Cliath imirt i bPáirc an Phiarsaigh i Longfoirt, seans go mbeadh 30 imreoir ag teastáil don fhoireann baile chun coimhlint a dhéanamh dhó.

Sa cheithre chluiche is deireanaí a d’imir na foirne i gcoinne a chéile ó 2001, bhí ar an meán bearna deich bpointe eatarthu. Caithfear dul siar go 1970 don uair dheiridh a bhuaigh an Longfort ar a gcéilí comhraic ar an Domhnach.

Údar misnigh do Longfort an teacht aniar iontach a rinne siad in aghaidh Uíbh Fhailí cúpla seachtain ó shin ach fós, beidh siad ag snámh in aghaidh easa an deireadh seachtaine seo. Tá 12 chluiche buaite ag Baile Átha Cliath as a chéile i gCraobh Chúige Laighean ó 2010 agus beidh 13ú ceann buaite acu faoina 6i.n. Dé Domhnaigh.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Is ar Joe Canning a chaithfidh cosantóirí Bhaile Átha Cliath a súile a choinneáil sa chluiche an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Is ar Joe Canning a chaithfidh cosantóirí Bhaile Átha Cliath a súile a choinneáil sa chluiche an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Níos túisce sa tráthnóna, cuirfear tús ceart le Craobh Iomána Chúige Laighean nuair a thabharfaidh Baile Átha agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh. Níl anseo ach an cúigiú huair go bhfuil na foirne ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chraobh agus, creid nó ná creid, tá gach ceann acu buaite ag Baile Átha Cliath.

Is é cluiche ceannais Chúige Laighean i 2013 an uair is deirean a chas siad ar a chéile, lá a raibh bua 12 phointe ag Baile Átha Cliath agus iad faoi stiúir Anthony Daly. Tá Ger Cunningham i gceannas anois ar iománaithe na príomhchathrach ach níl mórán athrú tagtha ar na torthaí; chaill Gaillimh le sé phointe, 0-26 in aghaidh 2-14, nuair a chas siad lena chéile i sraith na bliana seo.

Is ar an gCunningham eile, Anthony, bainisteoir na Gaillimhe, a bheidh an brú uile sa chluiche seo. Seo é an ceathrú craobh aige i bhfeighil fhoireann an chontae agus é ag iarraidh a thaispeáint nach rith searraigh a bhí i bhfeachtas 2012 nuair a shroich Gaillimh cluiche ceannais na hÉireann na bliana sin.

Beidh air déanamh d’uireasa Conor Cooney, David Burke agus Daithí Burke atá uile gortaithe agus, mar a bhí i gcónaí, breathnaíonn sé go mbeidh Gaillimh ag brath an iomarca ar Joe Canning chun scóranna a fháil. Má éiríonn le Baile Átha Cliath smacht d’aon chineál a chur ar fhear Phort Omna, beidh na ‘Dubs’ ag ceiliúradh faoi dhó ar an Domhnach.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Dé Sathairn, 30 Bealtaine

Corn Christy Ring – Cluichí Leathcheannais

Cill Dara v Ciarraí, An Droichead Nua, 2i.n.

Doire v An Dún, An Abhainn Beag, 3.30i.n.

Corn Lory Meagher – Babhta 5

Warwickshire v Lancashire, Páirc na hÉireann, 3.30i.n.

Sligeach v Fear Manach, Páirc Markievicz, 3.30i.n.

Dé Domhnaigh, 31 Bealtaine

Craobh Iomána Chúige Laighean – Cluiche Ceathrú Ceannais

Baile Átha Cliath v Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Craobh Peile Chúige Laighean – Cluiche Ceathrú Ceannais

Baile Átha Cliath v An Longfort, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Craobh Peile na Mumhan – Cluiche Ceathrú Ceannais

Tiobraid Árann v Port Láirge, Staid Semple, 3.30i.n.

Craobh Peile Uladh – Cluiche Ceathrú Ceannais

Fear Manach v Aontroim, Páirc Brewster, 4i.n.

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath ag máirseáil an Domhnach seo'