Bailchríoch á cur ar mhargadh prótacail agus von der Leyen agus Sunak ag bualadh le chéile in Windsor

Beidh cruinniú chomh maith ag Ursula von der Leyen le Rí Séarlas na Breataine, scéal a chothaigh roinnt conspóide

Bailchríoch á cur ar mhargadh prótacail agus von der Leyen agus Sunak ag bualadh le chéile in Windsor

Creidtear go bhfuil Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach ar tí margadh a dhéanamh faoin bprótacal iarBhreatimeachta.

Beidh cruinniú tráthnóna ag Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine, agus  Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, in Windsor chun socruithe trádála don Tuaisceart a phlé agus bailchríoch a chur ar mhargadh.

Má éiríonn leo an beart a dhéanamh beidh ar Sunak an DUP agus Eoraisceiptigh ina pháirtí féin, na Tóraithe, a mhealladh chun tacú leis an margadh.

Beidh cruinniú chomh maith ag Ursula von der Leyen le Rí Séarlas na Breataine.

Chothaigh an fógra faoin gcruinniú sin roinnt conspóide agus iarcheannaire an DUP, Arlene Foster, ar dhuine de na daoine a bhí den tuairim gur mór an náire é go mbeadh an Rí á tharraingt isteach ag an Rialtas i gconspóid pholaitiúil.

Dúirt an Coimisiún Eorpach nár bhain an cruinniú leis na cainteanna faoin bprótacal.

Comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach is ea an prótacal a dréachtaíodh le déileáil leis an gconstaic is mó a bhí ag seasamh roimh chainteanna an Bhreatimeachta – is é sin an teorainn ar thalamh na hÉireann.

Leis an teorainn a choinneáil oscailte, is amhlaidh a socraíodh gur i Muir Éireann a dhéanfaí na seiceálacha custaim agus rialacháin a bhí riachtanach de thoradh an Bhreatain a bheith ag imeacht as an Aontas Eorpach.

Ar ndóigh chuir cinneadh sin an Bhreatimeachta leis an maorlathas a bhain leis an trádáil idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, crá croí breise dá lán gnóthaí agus údar cantail d’aontachtaithe a mhaíonn go mbaineann an prótacal trádála sin an bonn de stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.

Bhain an DUP leas as a veto chun Stormont a threascairt mar agóid in aghaidh an phrótacail.

De réir dlí ní féidir le hinstitiúidí roinnt na cumhachta feidhmiú ach sa gcás go bhfuil an páirtí aontachtach is mó agus an páirtí náisiúnach is mó toilteanach comhoibriú lena chéile.

Tá an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe cuid mhaith ar aon fhocal gur gá idirdhealú a dhéanamh idir earraí as an mBreatain atá ag teacht anall go Tuaisceart Éireann don mhargadh sin agus earraí atá le seoladh ó dheas thar an teorainn gan aon seiceáil agus isteach sa mhargadh aonair sa tír seo nó ar aghaidh.

Tuairiscítear gur dóigh go gcruthófaí lána glas agus lána dearg d’earraí a thiocfadh as an Ríocht Aontaithe.

Fág freagra ar 'Bailchríoch á cur ar mhargadh prótacail agus von der Leyen agus Sunak ag bualadh le chéile in Windsor'