Baghcat an DUP ar chruinnithe thuaidh/theas mídhleathach – an Ard-Chúirt

Fógra cheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson an mhí seo caite go mbeadh a pháirtí ag tarraingt siar ón gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas a spreag athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt i mBéal Feirste

Baghcat an DUP ar chruinnithe thuaidh/theas mídhleathach – an Ard-Chúirt

Cinneadh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu go bhfuil baghcat an DUP ar chruinnithe thuaidh/theas mídhleathach.

Fear as Béal Feirste, Seán Napier, a lorg an t-athbhreithniú breithiúnach maidir le hiompar an DUP, a bhfuil baghcat á dhéanamh acu ar chruinnithe thuaidh/theas, cruinnithe faoi chúrsaí teanga ina measc.

Fógra cheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, an mhí seo caite go mbeadh a pháirtí ag tarraingt siar ón gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas mar chuid dá bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta a spreag an t-athbhreithniú breithiúnach, ach tosaíodh ar an mbaghcat i bhfad roimh an bhfógra oifigiúil sin.

Mar a tuairiscíodh anseo ar dtús, cuireadh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga ar ceal ag an nóiméad deireanach mí Aibreáin mar go ndúirt aire de chuid an DUP, Gordon Lyons, nach mbeadh sé ar fáil le freastal air.

Ainmníodh sa chúirt inniu ceathrar airí eile de chuid an DUP a dhiúltaigh freastal ar chruinnithe, Paul Givan, an Chéad-Aire, Gary Middleton, aire sóisearach in Oifig an Fheidhmeannais, Michelle McIlveen, an tAire Oideachais, agus Edwin Poots, an tAire Talmhaíochta.

Agus a chinneadh go raibh iompar an DUP mídhleathach á fhógairt aige, dúirt an Breitheamh David Scoffield gur sárú a bhí i gceist ar dhualgais an pháirtí faoin Acht um Thuaisceart Éireann.

“Tá dualgas ar airí Thuaisceart Éireann móid oifige a ghlacadh, mar atá leagtha amach i gCód Airí Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

“San áireamh ansin, tá gealltanas go nglacfar páirt sa Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus i gComhairle na Breataine-na hÉireann.

“Bheadh sé deacair ar an gCúirt aon chinneadh eile a dhéanamh seachas go bhfuil socraithe ag na freagróirí d’aon ghnó gníomh a dhéanamh atá in aghaidh mhóid na hoifige agus chód na na n-airí.

“Is fiú, b’fhéidir, béim a chur ar an méid seo – tá freagracht phearsanta ar gach aire i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann cloí le móid na hoifige agus cód na n-airí.

“Bíonn an chúirt ag súil leis go gcloífeadh na freagróirí lena ndualgais dlíthiúla.”

Dúirt an Breitheamh Scoffield nach raibh sé i gceist aige aon rud eile a dhéanamh faoin scéal go fóill ach go bhféadfadh Seán Napier filleadh ar an gcúirt mura dtiocfadh aon athrú ar chúrsaí.

“Is léir go bhfuil cumhachtaí eile ag an gcúirt, ach is é mo thuairimse go mba bhocht an scéal é dá gcaithfí feidhm a thabhairt do na cumhachtaí sin,” arsa an Breitheamh Scoffield.

Fág freagra ar 'Baghcat an DUP ar chruinnithe thuaidh/theas mídhleathach – an Ard-Chúirt'